THE SCIENCE OF THE UNIVERSE Dath na Cruinne / The Colour of the Universe Tháinig scéala amach le déanaí gur chuir taighdeoirí dath leis an Chruinne – agus go bhfuil dath béis uirthi. I mí Eanáir, thuairisc na taighdeoirí céanna go raibh dath turcaide uirthi. Ach an t-am seo, d’admhaigh siad go raibh dul amú orthu an chéad uair agus gurbh é dath béis an dath ceart. Chuir siad an locht ar fhabht sa bhogearraí a d’úsáid siad leis na dathanna uilig a chur le chéile.

An rud a rinne siad ná gur chuir siad le chéile an solas atá ag teacht chugainn ó thart fá dhá chéad mhíle réaltraí atá níos cóngaraí dúinn ná dhá bhilliún solasbhliain. Bíonn a dhath féin ag gach réalta agus sin ag brath ar theocht na réalta. Má bhíonn réalta measartha fionnuar, thart fá cheithre mhíle céim Celsius, bíonn dath dearg uirthi. Tá Betelgeuse mar seo agus is furasta í a fheiceáil ar ghualann chlé an Bhodaigh (Orion) agus tú ag amharc air. Má bhíonn réalta iontach te, thart fá chaoga míle céim Celsius, bíonn dath gorm uirthi. Tá ceann mar seo sa Bhodach fosta. Is féidir Rigel a fheiceáil ar chos dheis an Bhodaigh (arís agus tú ag amharc air). Bíonn na dathanna seo soiléir go leor má úsáideann tú déshúiligh lená scrúdú. Bíonn dathanna na réaltaí uilig idir an dá dhath seo. Ní fheicimidne dath seo na Cruinne ar ndóigh nuair a amharcaimid ar an spéir nó níl déine an tsolais mór go leor. Nuair atá déine íseal solais ann caillimid ábaltacht dathanna a fheiceáil; níl ár gcuid súl íogair go leor. Sin an fáth go dtagann dath liath ar an timpeallacht nuair a thagann clapsholas. I ngach réaltra, bíonn suas le céad billiún réalta agus mar sin de, bíonn dath ar an réaltra ag brath ar dhathanna na réaltaí, dath nach bhfeicimid. Ach is féidir le gléasraí réalteolaíochta an lae inniu an dath a dhéanamh amach. Agus nuair a chuir na taighdeoirí dathanna na réaltraí uilig le chéile, sin mar a tháinig siad ar an dath béis. Cad a b’fhiú a saothar dóibh? Is féidir an dath seo a úsáid le hidirdhealú a dhéanamh idir teoiricí a bhaineann leis an dóigh a cruthaíodh an Chruinne. Glactar leis go forleathan gur tharla an Ollphléasc thart fá dhá bhilliúin déag bliain ó shin agus gur spréigh gach réad ón áit inar tharla an pléascadh sin. Ar dtús bhí an Chruinne ró-the agus níor cruthaíodh ach cáithníní. Níos moille anonn, chomhdhlúthaigh na réaltaí ó na cáithníní seo. Ach nílimid cinnte cá huair a cruthaíodh bunús na réaltaí agus cá mhéid de na céad réaltaí seo atá thart go fóill. As siocair go n-athraíonn dath réaltaí le haois, agus gur dócha dath dearg ar na réaltaí is sine, is féidir barúil a fháil ar cá mhéad de na réaltaí luatha seo atá thart go fóill má bhíonn a fhios againn cad é dath na Cruinne anois. De réir mar a scrúdaímid an spéir, is amhlaidh a thagann eolas chugainn faoin dóigh a thosaigh an Chruinne agus cad é mar a d’fhorbair sí ó shin. Agus b’fhéidir, fosta, go mbeidh barúil againn faoi cad é atá i ndán don Chruinne (agus dúinn féin) amach anseo. Sanas: Béas (dath béis) beige Bogearraí software Cáithníní particles An Chruinne The Universe Comhdhlúthaigh condensed Déine intensity Déshúiligh binoculars Fabht bug Íogair sensitive Ollphléasc Big Bang Réad object Réaltra galaxy Solasbhliain light year Turcaid turquoise Tuilleadh eolais: The New Scientist
The BBC is not responsible for the content of external websites back to science homepage |