BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

THE SCIENCE OF THE UNIVERSE

Fisic na gCartún/The Physics of Cartoons

Bíonn físchluichí go minic á n-imirt ag aos óg an lae inniu agus is dócha nach smaoiníonn siad in am ar bith nach ionann dlite fisice sna cluichí seo agus san fhíorshaol. Ach ní scéal úr ar bith é seo. Ó thosaigh ré na gcartún le Steamboat Willie i dtríochaidí an chéid dheireanaigh rinneadh feall go mór ar dhlite fisice. Smaoinigh ar chartún ar bith ina bhfuil Tom agus Jerry nó Wile E Coyote agus tchífidh tú dlite fisice curtha ar ceal.

Listen / Éist

Ach in áit dlite fisice an tsaoil, cumadh dlite fisice eile a bhain le cartún ar bith. Níl áit anseo le cur síos ach ar chuid acu.

1 Má ritheann carachtar ar bith ó bharr aille nó ó bharr fhoirgnimh, ní thiteann sé ar an toirt. Is féidir leis fanacht san aer go dtí go dtugann sé faoi deara nach bhfuil taca faoi. Ansin titeann sé ag ráta i bhfad níos mó ná mar atá san fhíorshaol. (Féach dlí a deich)

2 Más mian le carachtar eitilt, níl de dhíth air ach cleite amháin i ngach lámh.

3 Nuair a théann carachtar fríd bhalla fágann sé ina dhiaidh poll sa bhalla atá díreach ar chóimhéid lena chorp.

4 Nuair a ritheann carachtar go gasta, ní gá go mbainfeadh a chosa den talamh; is leor go rothlaíonn siad go gasta san aer.

5 Má pheinteáiltear béal tolláin ar bhalla, is féidir le carachtar maith dul fríd ach ní féidir le neach ar bith atá sa tóir air. Ach is féidir le traen teacht amach as leis an tóraitheoir a scrios.

6 Ní féidir cat a mharú. Is cuma cad é an tubaiste a tharlaíonn do chat, ní dhéanann sé ach é féin a chroitheadh agus tagann a chruth ar ais.

7 Má thiteann pianó ar mhullach chait, déantar méarchlár de dhéad an chait agus is féidir tiúin a bhaint as.

8 Nuair a sháitear biorán i dtóin charachtair, téann sé in airde ag ráta atá an-ghasta, in éadan imtharraingthe an domhain.

9 Ní dhéanann buamaí dochar buan ar bith do charachtar ar bith; fágtar iad dubh agus smálaithe b’fhéidir.

10 Nuair a thiteann carachtar, ní thiteann gach ball den chorp ag an am amháin. Titeann na cosa i dtús agus síneann an chuid eile den chorp. Ansin titeann an cholainn agus síneann an muineál. Sa deireadh, titeann an cloigeann agus tagann an corp le chéile san aer.

11 Bíonn poill iniompraithe; is féidir poll a iompar ó áit amháin go háit eile.

12 Má bhíonn bóthar fada folamh go léaslíne, is cinnte go bhfuil leoraí nó a leithéid ar an bhóthar i ngach áit ag an am amháin ach é dofheicthe. Agus chomh luath is a chuireann carachtar cos áit ar bith ar an bhóthar, cruthaítear an leoraí agus leagtar an carachtar.

13 Nuair a shlogann carachtar gás de chineál ar bith, éiríonn a dhlús níos lú ná dlús an aeir agus imíonn sé suas san aer. Má chuirtear poll ann le biorán, déantar roicéad de.

Ní tharlaíonn amaidí mar seo i bhfíschluichí (fiú má chuireann an cineál sin grinn lenár bpléisiúr). Ar eagla go ndéanfadh siad ábhar magaidh dóibh féin amach anseo, tá cruthaitheoirí na bhfíschluichí anois ag iarraidh dlite fisice a thabhairt isteach ina gcuid cluichí. Úsáideann siad bogearraí ar a dtugtar "inneall fisice" le seo a dhéanamh agus seachnaíonn siad na cleasanna thuasluaite.

Nach mór an chaill!

Sanas:
Dlús
density
Bogearraí software
Fisic Physics
Imtharraingt gravity
Léaslíne horizon
Méarchlár keyboard
Roicéad rocket
Rothlaíonn rotate
Tóraitheoir pursuer

Tuilleadh eolais:
The Funny Pages
BBC News - Science/Tech

The BBC is not responsible for the content of external websites

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy