BBC 2001-2002 18 Nollaig Cártaí Nollag Agus tú ag léamh an ailt seo, tá gach seans ann gur chuir tú agus gur cuireadh chugat cártaí Nollag. Sin nó is duine corr thú thar an choiteann (agus níl mé ag fáil lochta ar a bheith corr!). Ach ar smaoinigh tú ariamh cad chuige a chuireann tú cártaí, cad é mar a roghnaíonn tú daoine le cártaí a chur chucu agus cad é a deir na cártaí a chuireann tú fá dtaobh duit féin is do dhearcadh?
De réir na socheolaithe, is nós meánaicmeach é cártaí Nollag a chur. Bíonn daoine meánaicmeacha scartha óna gcairde is óna ngaolta agus úsáideann siad cártaí Nollag le cumarsáid a dhéanamh leo agus an teagmháil a choinneáil beo. Bíonn cairde agus gaolta ag daoine den aicme oibre ina gcónaí cóngarach dá chéile agus cad is fiú cárta a chur chuig duine a castar ort go minic? Ach tá mé féin in amhras faoin teoiric seo. B’fhéidir gur mar sin a thosaigh an nós níos mó ná céad go leith bliain ó shin ach sílim go gcuireann formhór na ndaoine anois iad. Agus má fhaigheann tú cárta, mothaíonn tú go minic gur gá duit cárta a chur. Tagann eagla ort i gcónaí lá nó dhó roimh an Nollaig ar eagla go bhfaighfidh tú cártaí ó dhaoine nár chuir tú cártaí chucu. Ach níl sin amhlaigh i gcónaí. Má chuireann tú cárta chuig duine agus gan cheann a fháil ar ais, léiríonn sin, dá réir na socheolaithe arís, nach den aicme céanna sibh agus gur dócha go mothaíonn an duine sin gur d’aicme níos airde é nó í. Agus má fhaigheann tú féin cárta ó dhuine nach mian leat ceann a chur ar ais chuige nó chuici, sin comhartha go bhfuil an duine sin ag iarraidh d’fhabhar a tharraing air nó uirthi féin. Bíonn fadhb ann i gcónaí fán chineál cárta le cur. Deirtear go léiríonn tú cuid mhór de do phearsantacht tríd an chineál cárta a chuireann tú. Is féidir cárta féin-déanta a chur – léiríonn sin go bhfuil tú saibhir agus neart ama saor agat agus go bhfuil ardmheas agat ar an duine chuig a chuireann tú an cárta. Má chuireann tú cárta le grianghraf, grianghraf teaghlaigh nó grianghraf tí, bíonn tú ag iarraidh cur le d’íomhá. Más mian leat a léiriú gur duine flaithiúil thú agus go gcreideann tú i gcothromacht an chine dhaonna cuirfidh tú cártaí ó chumainn charthanachta. Agus más tábhacht leat creideamh eaglasta agus gur mhaith leat sin a chur in iúl do dhaoine, tá neart cártaí diagachta ar fáil. Tá réimse leathan cártaí ann agus is féidir le daoine cibé cineál cárta ar mian leo a roghnú. Ach más Gael thú agus más mian leat cártaí i nGaeilge a chur, níl an rogha chomh maith agus is féidir. Agus más Gael thú agus gan suim agat i gcártaí eaglasta, is beag uilig an rogha a bhíonn agat. Nach bhfuil sé in am ag tairgeoir cártaí éigin rogha mhaith cártaí a chur os ár gcomhair? Ach is cuma fá na deacrachtaí a bhaineann le cártaí Nollag. Is soiléir go gcreidtear gur nós tábhachtach é seo nó tá líon na gcártaí a cuirtear ag dul in airde ó bhliain go bliain. Agus níl fianaise ar bith ann go fóill go bhfuil an t-idirlíon ag cur isteach ar nós seo na Nollag. Sanas: D’fhabhar a tharraing air féin ingratiate himself with you Meánaicmeach middle class Socheolaithe sociologists Tairgeoir producer Tuilleadh eolais: http://www.livaudaisnet.com/xmascard01.htm http://www.aps.org/apsnews/1299/129919.html http://news.bbc.co.uk/hi/english/uk/newsid_564000/564665.stm
|