BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

Eolaíocht na Nollag /The Science of Christmas

Tuesday 19th December 2000

Síleann an saol mór go bhfuil am breá ag San Nioclás ag carnadh bréagán i rith na bliana agus á ndáileadh in oíche amháin uair amháin sa bhliain. Ach má oibríonn tú amach cad é go díreach atá le déanamh aige Oíche Nollag, is díol trua é i ndáiríre.

Seo iad na statisticí: tá dhá bhilliún páiste beo ar fud an domhain inniu. Ní bhacann San Nioclás leo siúd nach Críostaithe iad. Fágann sin 378 milliún. Meastar go mbíonn 3.5 páiste ar an mheánmhéid i ngach teach. Is é sin tuairim is céad milliún tithe a chaithfidh sé cuairt a thabhairt orthu.

Má théann sé siar, is é sin in aon treo le rothlú an domhain, bíonn 31 uair a chloig aige leis an obair seo a dhéanamh. Is é sin ná go gcaithfidh sé níos mó ná ocht gcéad cuairt a dhéanamh gach soicind. Is féidir a oibriú amach cá fhad óna chéile iad na tithe seo agus an méid ama atá ag San Nioclás le dul ó theach go teach. Ciallaíonn seo go gcaithfidh luas de 650 míle sa soicind a bheith aige agus a charr sleamhnáin. Agus ag an luas seo, beidh tormán sonach láidir uaidh.

Agus seo gan tracht ar an lastas aige. Go fiú muna bhfaigheann gach páiste ach bronntanas beag ar mhais dhá phunt, abair, beidh 320,000 tonna á iompar ag San Nioclás agus a chuid réinfhianna. Fiú agus réinfhianna draíochta aige agus iad deich n-oiread chomh láidir le gnáth-réinfhianna, abair, bheadh níos mó ná dhá chéad míle réinfhianna de dhíth air.

Le meáchan den mhéid seo ag an luas seo, cruthaítear teas mhillteanach tré fhrithchuimilt leis an aer. Agus de bharr na frithchuimilte seo, ba cheart go ndófar an uile neach acu agus iad ag taisteal fríd an aer.

Ach seo an mhiorúilt. Faigheann páistí a gcuid bronntanas gach bliain. Mar eolaithe, caithfimid glacadh leis an fhianaise seo. Caithfidh go bhfuil cosaint éigin ag San Nioclás. Caithfidh, mar sin, go bhfuil dlíthe eolaíochta ann nach dtuigimid go hiomlán.

Tá leid againn ó mheicnic chandamach. Mar chuid den teoiric seo, is féidir le cuid mhór neamhfhéideartheachtaí tarlú a fhad is nach bhfuil duine ar bith ag amharc. Chomh luath agus atá fianaise ann, leacaíonn na neamhfheideartheachtaí seo. B’fhéidir, gurb é sin an fáth, go bhfuil an traidisiún ann nach bhfuil cead againn spíodóireacht a dhéanamh ar Shan Nioclás. Má fheicimid é, téaltóidh sé go deo.

Mar sin de, ar eagla na heagla, ná fanaimid ar ár gcois Oíche Nollag. Téimid a luí go luath agus ná cuirimid deacracht ar bith roimhe. Nó b’fhéidir go scriosfaimis San Nioclás agus an tradisiún uilig atá ceangailte leis.

Nollaig shona daoibh go léir.

Sanas/Vocabulary:
Frithchuimilt
friction
Leacaíonn collapses
Mais mass
Meicnic chandamach quantum mechanics
Neamhfheideartheachtaí impossibilities
Rothlú rotation
Tealtóidh sé he will disappear
Tormán sonach sonic boom

Tuilleadh eolais / Extra information:
"Can reindeer fly? – the science of Christmas" le Roger Highfield foilsithe ag Metro books 1998 ISBN 1-900512-44-0

http://www.xs4all.nl/~jcdverha/scijokes/2_8.html


 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy