BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

An Fhilíocht agus an Eolaíocht / Poetry and Science

Tuesday 7th November 2000

Nuair a smaoiníonn tú ar an bhun-chuspóir atá ag an fhilíocht agus ag an eolaíocht, is iontach nach bhfuil níos mó ceangail eatarthu. Tá sé mar aidhm ag an bheirt acu ciall a bhaint as ár dtaithí ar an domhan agus cur lenár dtuigbháil air. Agus tá an tsamhlaíocht phearsanta thábhachtach sna fiontair seo.

Idir ré na nGréagach agus an séú céad déag, ní raibh idirdhealú idir an dá ghné seo. Tugadh "Fealsúnacht Nádúrach" ar an eolaíocht agus síleadh go raibh níos mó tábhachta le fealsúnacht, le smaointeoireacht agus leis na Scriptiúir ná le scrúdú agus breathnú nuair a bhí daoine ag iarraidh teacht ar na fírinní. Tá seo le sonrú i bhfilíocht Lucretius thart fá 50 R.Ch. agus i ndánta Dante Alighieri thart fá 1300 I.Ch.

Ach le réabhlóid Chopernicus sa séú céad déag, briseadh an ceangal seo. Chonacthas go raibh fírinní ann nach raibh sa Bhíobla; le teacht ar shonraí, bhí ar eolaithe an phríomháit a thabhairt don bhreathnú agus shíl daoine (agus filí go háirithe) nach raibh páirt ar bith fágtha don tsamhlaíocht san eolaíocht. Tá an deighilt seo le sonrú idir Donne ag scríobh sa bhliain 1572 agus é ag moladh na heolaíochta úire seo agus Milton sa bhliain 1630 ag cur milleáin ar an eolaíocht.

Idir sin agus an fichiú aois, leanann filí an Bhéarla don tiúin chéanna, ag moladh cumhacht na samhlaíochta agus ag cáineadh na heolaíochta. Dúirt Coleridge san naoú céad déag, mar shampla, gurb ionann anamacha chúig chéad Isaac Newton agus anam Shakespeare amháin.

Ag tús na haoise seo caite, tháinig athrú meoin arís agus tugadh tús áite don eolaíocht i saol intleachta na haimsire sin. Bhí borradh iontach i measc eolaithe, go háirithe iad siúd a bhí ag obair ar an Fhisic. Dúirt an file W.H. Auden sna tríochaidí nuair a casadh eolaithe air, gur mhothuigh sé mar mhinistir chúnta ghiobach i seomra suite lán diúc. Agus tá íomhánna na heolaíochta le sonrú i bhfilíocht Robert Frost go háirithe, agus é ag scríobh sna tríochaidí fosta.

Ag tús na haoise úire seo, tá an eolaíocht agus an fhilíocht ag teacht le chéile arís. Chítear anois nach bhfuil cinnteacht ar bith taobh thiar den eolaíocht agus go gcaithfidh samhlaíocht ar leith a bheith ag eolaithe an lae inniu más mian leo fionnachtana ar bith a aimsiú. Agus de thairbhe sin, b’fhéidir, is scríobhnóirí próis maithe, oilte, suimiúla cuid de phríomheolaithe an lae inniu. Ní fios dom gur scríobh duine ar bith acu filíocht fiúntach go fóill, ach ní fada uainn an t-am a mbeidh cumas filíochta ag eolaí clúiteach éigin.

Tuilleadh eolais / For more information:
http://www.cswnet.com/~erin/ed13.htm

Sanas:
Breathnú
observation
Fealsúnacht nádúrach natural philosophy
Fionnachtana discoveries


 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy