18 Mí na Samhna 2003 Beathaitheacht / Obesity
Tá daonra an domhain tionsclaíoch róthrom; fiú muna mbaineann seo le gach duine nó le gach áit, baineann sé le go leor le go n-aithnímid gur fadhb mhór sláinte í. Le fiche bliain anuas, d’ardaigh líon na ndaoine sna hoileáin seo atá beathaitheach trí oiread agus meastar go mbeidh daichead faoin gcéad den daonra beathaitheach i gcionn tríocha bliain eile.

Tá sainmhíniú ann ar an bheathaitheacht agus is féidir leat féin fáil amach go furasta cé acu an bhfuil tú féin gafa leis. Caithfidh tú meá ar a dtugtar maismheá choirp (MMC) a ríomh. Baineann sé le do mheáchan agus d’airde. Fáigh amach do mheáchan i gcileagram (m) agus rann é ar d’airde i méadair (a) agus é cearnaithe. Seo an fhoirmle: MMC = m/a2 Mar shampla, más duine thú atá 5’ 10’’ (1.78 méadar) ar airde agus fiche cloch (128 kg) ar mheáchan: MMC = 128/(1.78)2 = 40.4 Ba cheart go raibh an figiúr seo idir 18.5 agus 24.9. Más idir 25 agus 29.9 atá sé tá tú róthrom agus más os cionn 30 tá tú beathaitheach. I Meiriceá, ar na figiúrí seo, tá 59% d’fhir róthrom nó beathaitheach agus tá 20% den daonra iomlán beathaitheach. Seo méadú suntasach le fiche bliain anuas. Cad chuige? Go bunúsach tá i bhfad barraíocht bia á ithe againn. Tarlaíonn sé nuair a thugtar isteach sa chorp níos mó fuinnimh ná mar atá á chur amach agus nuair a mhaireann an cleachtadh seo. Tosaíonn sé agus sinn óg (tá 16% de pháistí idir 6 bliana d’aois agus 16 beathaitheach sna hoileáin seo sa lá inniu). Níl páistí gníomhach go leor agus itheann siad barraíocht ach is í an phríomhfhadhb ná go bhfuil an bia féin róshaibhir. Bíonn i bhfad barraíocht fuinnimh ann, go háirithe sa bhia ar a dtugtar mearbhia. Bíonn caoga faoin gcéad níos mó fuinnimh i mearbhéile ná i mbéile traidisiúnta ach ní bhíonn cuma ar an bhéile gur barraíocht é. Níl coirp s’againne ábalta bia chomh saibhir seo a ithe mar is ceart, nó tá córas díleá s’againne bunaithe ar an bhia bhocht atá le fáil go fóill sna réigiúin den domhan atá bocht. Agus leanann na nósanna itheacháin a bhíonn againne agus muid óg, leanann siad muid rith ár saol.
Fadhb eile atá ceangailte leis an mhearbhia seo ná go mbíonn páistí faoi bhrú ó na meáin chumarsáide agus go mbíonn cuid de na comhlachtaí bia ag iarraidh nasc a dhéanamh idir bia s’acu agus aclaíocht. Bíonn cuid mhór deacrachtaí sláinte bainteach le beathaitheacht agus bíonn an-seans go bhfaighidh daoine atá gafa leis bás go luath. Go minic buaileann diaibéiteas iad nó ard-bhrú fola nó galair chroí nó stróc nó ailse drólainne agus ailse próstatach ag fir nó ailse bhrollaigh ag mná.
Aithnítear go forleathan anois go bhfuil fadhb againn. Tá grúpa eolaithe agus daoine acadúla i ndiaidh fógra a chur amach i Sasana ag iarraidh orthu siúd a rialaíonn sochaí s’againn rud éigin a dhéanamh le cúlú a chur ar fhás seo na beathaitheachta. B’fhéidir go dtiocfaidh rud éigin as ach is láidir iad na heagraíochtaí atá ag brú ina n-éadan . Sanas: Beathaitheacht obesity Córas díleá digestive system Diaibéiteas diabetes Drólann colon Mearbhia fast food Maismheá choirp body mass index Próstatach prostate Sainmhíniú definition Stróc stroke Tuilleadh eolais http://www.weight.com/definition.asp http://www.mrc.ac.uk/index/public-interest/public-news-4/public-fast_food.htm http://www.mrc.ac.uk/index/public-interest/public-news-4/public- obesity_action.htm
http://newsvote.bbc.co.uk/mpapps/pagetools/ print/news.bbc.co.uk/1/hi/sci/tech/3191521.stm Éist le cinnlínte eolaíochta Chormaic 
|