BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

09ú Mí na Nollaig 2003

Ceol agus an Nollaig / Music and Christmas

Bíonn ceol i gcónaí tábhachtach inár saolta ach ag an am seo bliana tá sé níos tábhachtaí fós agus in amanna ar dhóigheanna nach dtugaimid faoi deara.

Is beag duine nach maith leis nó léi carúil; bíonn siad ceangailte le draíocht na Nollag mar a mhothaímid í agus sinn óg. Bíonn a fhios againn go bhfuil an Nollaig ag tarraingt orainn nuair a chloisimid iad don chéad uair. Ní hiad na carúil amháin a cheoltar ag an Nollaig; bíonn cineál popcheoil roghnaithe againn fosta. Agus go minic is ceol é seo nach dtoghfaí ag am ar bith eile den bhliain. “All I want for Christmas is my two front teeth” le Spike Jones 1948; nó “Dominique” leis an bhean rialta cheolmhar 1963; nó “Merry Christmas everyone” le Slade sna 70í. Tagann cuid acu ar ais gach bliain, Slade mar shampla agus ar ndóigh “White Christmas” le Bing Crosby. Ach fiú más fuath linn iad, cothaíonn siad atmaisféar na Nollag nuair a chloisimid iad.

Ach tá cumhacht eile ag ceol. Bíonn tionchar aige orainn i nganfhios dúinn. De réir taighde ó Ollscoil Leicester ar na mallaibh, bíonn an méid airgid a chaithimid i mbialann ag brath ar an chineál ceoil; má bhíonn ceol claisiceach á sheinm caithfidh daoine níos mó airgid; más “muzak” atá ann, caithfidh siad níos lú; más popcheol, ní bhíonn athrú ar bith. D’fhionn an fhoireann céanna go gceannaíonn daoine níos mó fíon na Fraince nuair a bhíonn ceol Francach á sheinm agus mar aon go ndíoltar níos mó fíon na Gearmáine má sheinntear ceol Gearmánach. Tá taighde á dhéanamh san Iosrael a léiríonn go mbíonn níos mó taismí bóthair ag tiománaithe a bhfuil ceol gasta á sheinm acu ná mar a bhíonn acu siúd a éisteann le ceol mall. Bíonn sé níos fusa ag daoine fanacht i seomra faire má bhíonn ceol mall á sheinm nó measann siad nach fada an t-am ag dhul thart.

Agus ní ar an chine daonna amháin atá an tionchar seo. Tá a fhios againn go mbíonn toirt an bhainne ó eallaigh ag brath ar cheol; thairgeann siad níos mó má chloiseann siad ceol mall le Beethoven agus iad á mbleán ach is fuath leo na Beatles, is cosúil.

Tá réimse úr taighde ag fás anois atá ag soiléiriú an tionchar fochomhfhiosach a bhíonn ag ceol orainne agus ar ainmhithe. Cheana, tá a fhios againn gur féidir le ceol pian a laghdú, imní a mhaolú, iompar a bhisiú agus dianmhachnamh a dhoimhniú

Tá an t-eolas seo uilig ag lucht siopaí agus úsáideann siad é, go háirithe ag an am seo bliana nuair a bhíonn níos mo airgid á chaitheamh againn. Cuireann siad amach ceol na Nollag nó tá a fhios acu go mbíonn sin ceangailte inár n-intinní le sonas agus sástacht. Moilleann ceol an ráta siúil in ollmhargadh agus tá a fhios againn go gceannaíonn daoine níos mó agus iad ag siúl go fadálach.

Nár mhaith an mhaise dúinn uilig dá bhfanfadh siad go tús mhí na Nollag ar a laghad?

Nollaig shona duit.

Sanas

Dianmhachnamh concentration
D’fhionn discovered
Fochomhfhiosach subconscious
Iompar behaviour
Taighde research
Toirt volume

Tuilleadh eolais

www.guardian.co.uk/print/0,3858,4806538-110760,00.html


 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy