An Ball Beag Dubh/Little Black Number 9 Samhain 2005

Is oth liom é a admháil ach bhí an ceart riamh ag na mná. Is é sin nuair a mhionnaigh siad gur chuir an ball beag dubh cuma nó cruth níos tanaí orthu. Sin an fáth go mbíonn ar a laghad BBD amháin sa chófra ag gach bean. Cad é an rud é an “ball beag dubh”? Sin an rud ar a dtugtar an LBN (Little Black Number) sa Bhéarla. Sin an gúna beag dubh atá i leataobh d’ócáidí speisialta; an gúna a thugann mothú ar leith do na mná agus ball éadaigh a théann go maith le cuid mhór dá réimse éadaigh. Áilleacht agus solúbthacht le chéile. Dá réir an New Scientist, tá ciall eolaíochta leis an chreideamh daingean seo ag na mná.
Leis seo a mhíniú, caithfimid solas a thuiscint. Nuair a amharcaimid ar sholas bán na gréine, feicimid cuid mhór dathanna ach ní aithnímid sin. Bíonn na dathanna seo uilig meascaithe le chéile agus feiceann an tsúil agus an inchinn daonna iad mar dhath bán. Más féidir linn na dathanna a scarúint óna chéile, ansin feicimid na dathanna éagsúla. Tarlaíonn seo nuair a chruthaítear tuar ceatha. Dá réir Isaac Newton, tá seacht bpríomhdhath ann (dearg, oráiste, buí, glas, gorm, indeagó agus vialait) ach an bhfaca tú iad uilig riamh? Tá sé cinn ann go cinnte sa tuar ceatha ach shíl Newton go raibh tábhacht speisialta leis an uimhir seacht agus mar sin de, go gcaithfidh go raibh seacht ndath sa tuar ceatha. Chreid sé, mar sin, go dtiocfadh leis idirdhealú a dhéanamh idir indeagó agus vialait. Amharc thú féin go cúramach ar an chéad tuar ceatha eile agus socraigh i d’intinn féin cé acu an raibh an ceart ag Newton nó nach raibh.
Cibé ar bith, nuair a thiteann solas bán ar dhromchla, frithchaitear an solas. Ach ní fhrithchaitear gach dath mar aon. De ghnáth, frithchaitear dath amháin níos fearr ná na dathanna eile agus sin an dath a fheicimid. Ionsúitear na dathanna nach bhfrithchaitheann. Agus má ionsúitear gach dath mar aon, tugaimid dath dubh air sin. Anois, cad é mar a cheileann an BBD na roic, na cnapáin agus, cogar é, an mharóg bheag ar an choim? Feicimid na mí-áilleachtaí seo, de ghnáth cionn is go mbíonn codarsnacht ann idir solas a fhrithchaitear ó dhromchla amháin agus solas a thagann ó dhromchla eile in aice leis. Ach mura mbíonn frithchaitheamh ar bith ann ( nó mórán, cibé) ní bhíonn an codarsnacht ann agus ceiltear na lochtanna. Agus má bhíonn dath dubh ann, ní tharlaíonn frithchaitheamh, mórán. Sin é, a fhir stuama. An chéad uair eile a léiríonn sí an BBD, thig leat a bheith i ndáiríre nuair a mholann tú é agus nuair a deir tú cé chomh tanaí is atá an cuma úr a chuireann sé uirthi. Ach fóill! Tá níos mó ná eolaíocht i gceist. Má imíonn gach codarsnacht, caillfidh an bhean an cruth uilig agus cuirfidh sé cuma bhlocánta uirthi. Caithfidh codarsnacht éigin a bheith ann. Tá seifteanna ann le scaifeanna agus feistis eile leis an fhadhb sin a réiteach ach ní thuigfidh fir sin a choíche. Mar fhocal scoir, tá dea-scéala agam do na mná. Is cuma cé chomh húsáideach is atá an BBD, ní chaithfear é mura bhfuil sé i bhfaisean. Ach deirtear liom go bhfuil an dath dubh go láidir i bhfaisean an Geimhreadh seo. Beidh mná gléasta i ndubh le feiceáil go minic sna míonna atá romhainn agus beidh sin ina ábhar phléisiúir againn uilig. Sanas: Codarsnacht contrast Dromchla surface Frithchaitheamh reflection Scaifeanna scarves Back to miscellaneous index Back to main science index |