BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

13 Mí Éanáir 2004

Aireagáin á gceiliúradh i mbliana / Inventions being celebrated this year

Go minic, ní hiad na mór-aireagáin teicniúla is tábhachtaí inár saol ach na cinn bheaga nach dtugaimid faoi deara nó nach smaoinímid orthu. Tá roinnt dóibh gur ceart á gceiliúradh i mbliana nó tá sé céad bliain go leith nó céad bliain nó cúig bliana is seachtó nó caoga bliain ó cumadh don chéad uair iad.

Perforated stampsB’fhéidir go bhfuil an ríomh-phost ag cur deireadh le ré na litreacha ach le fada go leor, bhí cumarsáid agus gnó agus teagmháil phearsanta ag brath go láidir ar litreacha gasta ar bheagán costais agus bhí an córas sin ag brath ar stampaí. Priontáladh na céad stampaí sa bhliain 1841 i Sasana ach níor cuireadh poillíní thart ar a n-imeall le gur féidir iad a stróiceadh óna chéile go dtí 1854, céad go leith bliain ó shin.

Ice cream conesCé go bhfuil conspóid ann, glactar leis anois gur saolaíodh an cón uachtair reoite sa bhlian 1904 i St Louis, Meiriceá. Fear darbh ainm Charles Menches a bhí ag díol uachtair reoite agus fágadh é gan plátaí nó miasa ar bith. Faoi bhrú, cheannaigh sé taosrán ó dhíoltóir eile agus d’úsáid sé sin le cur thart ar an uachtar reoite. Agus sin mar a tháinig an “poke” mar a thugann muintir Bhéal Feirste air. (Agus tháinig an focal sin ón Iodalais; is ionann “poco” agus cúid bheag agus b’iad Iodalaigh ba mhó a bhí ag díol uachtair reoite i mBéal Feirste).

Cé gur fearr liom féin tae scaoilte, caithfidh mé a admháil gur úsáidí ar fad iad na málaí tae agus tá sé céad bliain ó cumadh iadsan. Tá tae á ól leis na mílte bliain ach ba é Thomas Sullivan (de shliocht na hÉireann?), díoltóir tae i Nua Eabhrac a chuir na duilleogaí tae i málaí síoda agus a dhíol den chéad uair iad . Ní raibh sé i gceist aige go gcuirfí i gcupáin iad; bhí sé ag cur samplaí chuig a chuistaiméirí. Ach mhothaigh na daoine gur féidir na málaí seo a úsáid mar scagóirí agus sin mar a rinne siad.

Yo yoGach cúpla bliain tagann an yoyo chun tosaigh mar bhréagán agus chítear idir pháistí agus dhaoine fásta ag súgradh leo. Tá stair shuimiúil ag an yoyo. Bhí sé in úsáid sa Ghréig níos mó ná dhá mhíle bliain ó shin agus spréigh sé ar fud an domhain ach ba é Pedro Flores a thug an yoyo óna hoileáin Fhilipíneacha go Meiriceá, áit a bhfaca fear gnó Donald Duncan iad. Cheannaigh seisean an coincheap agus chuaigh i mbun margaíochta. Bhí yoyo ar bord an spástointeálaí Discovery sa bhliain 1985 agus rinneadh staidéar ar éifeacht an domhantarraingt lag ar an yoyo.

Is trua go mbímid chomh gnóthach na laethanta seo gur minic nach mbíonn fáil againn suí síos le chéile, béile maith fadálach a ithe agus sult a bhaint as comhrá agus craic. Is minic a itear bia atá réamhullmhaithe agus gasta. Meastar in amannaí gur rud nua é seo ach fionnadh an coincheap seo caoga bliain ó shin. Sa bhliain 1954 fágadh comhlacht bia Mheiriceánach, C A Swanston & Sons, le cuid mhór turcaí i ndiaidh aimsir na Nollag. Chuir siad an turcaí le chéile le prátaí, sú feola agus piseanna isteach i mias alúmanam sa dóigh nach raibh le déanamh ach é a théamh in oigheann. Thug siad dinnéar TV ar an phacáiste, bhí costas 98c air agus bhí díol láidir air ó shin.

Nuair a éiríonn tú tógtha faoi theicneolaíocht an lae inniu agus tionchar na teicneolaíochta sin ar shaol an lae inniu, ná déan dearmad go bhfuil an caighdeán maireachtála bunaithe cuid mhór ar aireagáin a théann i bhfad níos faide siar.

Sanas

Aireagáin inventions
Alúmanam aluminium
Caighdeán maireachtála standard of living
Coincheap concept
Fionnadh invented
Poillíní perforations
Scagóirí filters
Taosrán pastry

Tuilleadh eolais

http://www.qvpennies.com/Contact/History/history.htm

http://www.ideafinder.com/history/inventions/story025.htm

http://inventors.about.com/library/inventors/bltea.htm

http://www.ayya.net/articles/history.html

http://www.foodreference.com/html/arttvdinners.html


 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy