BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

27 Eanáir 2004

Turgnaimh san Uileloscadh / Holocaust experiments

Le linn an dara cogadh domhanda rinne eolaithe, dochtúirí leighis a mbunús, níos mó ná tríocha cineál turgnamh ar na cimí a bhí faoi ghlas acu sna sluachampaí géibhinn. Rinneadh iad i neamhchead na n-othar agus de ghnáth gan iarracht ar bith pian a cheansú agus go minic bhí bas an othair mar thoradh ar an turgnamh. Nuair a tugadh ceannairí na Gearmáine os comhair na cúirte i Nuremberg ag deireadh an chogaidh, fuarthas ciontach cúigear dochtúir déag agus crochadh seachtar acu.

Sa bhliain 1942 sa champa i Dachau, bhíothas ag iarraidh fáil amach cad é a tharlódh do phíolóta dá mbeadh air éalú óna eitleán go hard sa spéir, áit a bhfuil brú aeir íseal ann. Chuir siad príosúnaigh isteach i ndúnpholl agus bhain an t-aer amach amhail is go raibh siad os cionn 68,000 troigh san aer agus scrúdaigh siad iad le linn dóibh bás a fháil. D’úsáid siad dhá chéad duine mar seo; fuair ochtú acu bás le linn an turgnaimh agus maraíodh an céad fiche eile nuair a bhí na turgnaimh thart.

Bhí saighdiúirí na Gearmáine ag troid sa Rúis, áit a raibh an aimsir an-fhuar. Rinneadh turgnaimh i Dachau le fáil amach an éifeacht atá ag fuacht ar chorp an duine. Chuir siad íobairtí in uisce oighreata ar feadh suas le cúig uair a chloig; cheangail siad daoine eile lomnocht ar an talamh le linn seaca. Agus i rith an ama rinne siad monatóireacht eolaíoch orthu. Fuair idir ochtú agus céad bás de thairbhe na dturgnamh seo.

Sa sluachampa i Ravensbruck rinne dochtúirí tástáil ar éifeacht drugaí úra mar sulfainilimíd ar chréachta. D’aon turas ghearr siad cimí agus chuir siad ionfhabhtuithe sna créachta le taobh substaintí mar ghloine agus mar shalachar. D’fhulaing na cimí uilig pian mhillteanach agus fuair cuid acu bás.

I Buchenwald tugadh nimh do chuid de na cimí le hinstealladh nó ina gcuid bia. Iad siúd nach bhfuair bás leis an nimh, maraíodh iad sa dóigh go bhféadfadh na dochtúirí scrúduithe iarbháis a dhéanamh.

Níl sa mhéid thuas ach cuid den suarachas a rinneadh ar chimí, Giúdaigh a mbunús ach rinneadh é ar Ghiofóga, ar mhionlaigh agus ar shaighdiúirí na Rúise agus ar ndóigh bhí mná agus páistí ina measc. Ach tá fadhb ollmhór leis seo ar fad agus a chuireann isteach ar eolaithe agus daoine eile inniu. Bréag-eolaíocht a bhí i gcuid mhór den obair a rinneadh agus ní raibh ann, go bunúsach ach céasadh sádaíoch. Tá tuiscint níos fearr againn, áfach, ar hipiteirme as siocair na dturgnamh míofar seo a rinneadh sna sluachampaí agus tá daoine beo inniu de thairbhe na dturgnamh sin. Mar sin, an bhfuil sé ceart nó cóir úsáid a bhaint as eolas a bailíodh ar dhóigheanna chomh barbarach sin?

Sanas:

Céasadh; torture
Créachta; wounds
Dúnpholl; chamber
Giofóga; Gipsies
Hipiteirme; hypothermia
Íobairtí; victims
Ionfhabhtuithe; infections
Oll-loscadh; holocaust
Sádaíoch; sadistic
Sluachampa geibheann; concentration camp
Sulfainilimíd; sulfanilamide
Turgnamh; experiment

Tuilleadh eolais:

http://www.pbs.org/wgbh/nova/holocaust/experiside.html

The BBC is not responsible for the content of external sites.


 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy