BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

Druga samhailteach

Tuesday 10 April 2001

Tá ríomhphost ag dul thart i láthair na huaire ag tabhairt rabhaidh do mhná óga fá dhruga darb ainm "Progesterex" agus ag maíomh go bhfuil sé in úsáid ag fir le h-éigniú a dhéanamh.

Má fhaigheann tú an scéala seo, ná cuir ar aghaidh chuig daoine eile é. Níl ann ach finscéal; níl firinne ar bith ann.

Tá sé cliste mar scéal. Tá cuma ar an ainm "Progesterex" go bhfuil sé eolaíoch. Tá sé cosúil le "progesterone" agus is beag bean nár chuala faoi seo, nó is hormón daonna baineann é. Agus is fíor go bhfuil drugaí ann a fhágann mná lag, codlatach agus gan cuimhne. An ceann is éifeachtaí acu siúd, tugtar "Rohypnol" air agus tá sé luaite leis gur druga "éigniú-shuirí" é. Ba cheart go mbeadh mná faichilleach fán druga seo nó is féidir é a chur isteach i ndeoch agus go dtí ar na mallaibh, ní raibh rian ar bith le feiceáil nó ní raibh blas ar leith leis an deoch. Ach tá dea-scéala amháin ann faoi Rohypnol; tá lucht a dhéantúis, Hoffmann-La Roche i ndiaidh é a athrú sa dóigh go dtagann dath geal gorm air nuair a cuirtear i ndeoch é.

Ach tá bagairt níos measa luaite leis an Progesterex seo. Deirtear gur druga é a tugtar do chapaill lená n-aimridiú agus gur féidir é a fháil go héasca ó thréidlianna. Mar sin de, ní amháin go bhfágann sé mná gan chuimhne ach ní féidir leo coimpeart agus de thairbhe sin, níl contúirt ann gur féidir fear a cheangal, tré ghéinscrúdú, le leanbh ar bith a gintear. Agus ní bheidh na mná i ndán leanaí a bhreith a choíche.

Ach níl druga den ainm seo ann nó druga ar bith a bhfuil an éifeacht sin aige. Níl a leithéid ann do chapaill agus is cinnte nach bhfuil sé ann do dhaoine. Seo an dara finscéal scanrúil a mhothaigh mé ar an idirlíon agus is cinnte go bhfuil tuilleadh acu ann. Chum duine éigin an ceann seo agus is cinnte go gcumfar scéalta eile amach anseo.

Is fiú go mór rud beag taighde a dhéanamh sula gcuirfidh tú scéala mar seo ar aghaidh. Níl le déanamh ach an príomhfhocal (" Progesterex" sa chás seo ) a chur isteach in inneall cuardaithe ar an idirlíon, mar Yahoo nó Altavista agus gheobhaidh tú iomlán eolais. Is cosúil gur cumadh an scéala seo faoi Progesterex thart fán Samhain 1999 i Meiriceá agus níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig eolas údárasach faoi ó ollscoileanna Meiriceánacha. Gan eolas a bheith agat, is ábhar imní scéala den sórt seo. Ach tá eolas agus léas do bhuartha le fáil ar an idirlíon, an gléas céanna ar a bhfuil an fabhalscéal a theilgean.

Sanas:
Aimridiú sterilise
Coimpeart conceive
Éigniú rape
Éigniú-shuirí date-rape
Fabhalscéal myth
Finscéal fiction

Tuilleadh eolais / Extra information:

http://urbanlegends.about.com
http://www.villagevoice.com/issues/9949/ridgeway.shtml


 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy