BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

BBC 2001-2002 27 Samhain

Meath na gCeirneoirí / Decline of the DJ

Más eol duit na téarmaí "techno", "garage", "hardcore", "trance" agus "house" agus má leanann tú na ceirneoirí clúiteacha atá i réim an aimsir seo, beidh suim agat sa scéal a tháinig amach ar na mallaibh. Roimh i bhfad, ní bheidh feidhm ar bith le ceirneoirí sna clubanna le ceol a roghnú agus a eagrú do na damhsóirí. Tá an teicneolaíocht ann anois leis an cheol a mheascadh mar is cuí.

Níl taithí pearsanta agam féin ar an ghné seo de shaol na n-óg. Téann mo chuimhne féin síor go Bill Haley agus na Comets agus Lonnie Donegan. Ach d’iarr mé ar dhuine óg cur síos a dhéanamh dom ar cad é mar a oibríonn na clubanna chuig a dtéann an mhuintir óg agus an ceol atá ceangailte leo.

Sa tsean-am, nuair a bhí ceirneoirí mar David Jacobs ( an chéad DJ !!) i réim, ba é an rud a rinne siad ná ceirníní a chasadh, ceann i ndiaidh an chinn eile go deireadh. Sa lá atá inniu ann tá i bhfad níos mó i gceist. Meascann an ceirneoir an ceol; is é sin ná go roghnaíonn sé píosaí ó cheirníní, rithim druma ó ceirnín amháin, dordlíne ó cheirnín eile agus b’fhéidir líne ceoil ó cheirnín eile agus cuireann sé iad seo uilig le chéile go snasta. De ghnáth, bíonn rithim láidir leis an cheol. Ansin agus é ag casadh, measann sé cad é mar a thaitníonn sé leis an scaifte. Má tá sé oiriúnach, roghnaíonn sé ceann eile agus is féidir leis luas casta an mheascáin úr a athrach le gurb ionann an dá rithim. Ansin céimníonn sé an chéad cheirnín amach agus céimníonn sé an ceann úr isteach. De réir a chéile, ardaíonn sé an rithim ó cheol go ceol go dtí go measann sé go bhfuil na damhsóirí tógtha go leor. Ansin roghnaíonn sé fonn níos maille agus tugann sin seans don scaifte fuarú. Ansin tosaíonn sé athuair. Má mheasann sé nach dtaitníonn an ceol, cuireann sé ceol eile ar fáil ar an toirt. Úsáideann an ceirneoir na deiceanna atá aige mar uirlis leis an scaifte a spreagadh agus a shiamsú.

Tá teicneolaíocht ann anois a dhéanann mar aon. Roghnaíonn sé ceol, athraíonn sé minicíocht an deic le cothromacht a dhéanamh idir an dá phíosa ceoil agus, an rud is tábhachtaí, b’fhéidir, measann sé tionchar an cheoil ar an scaifte. Déantar seo tré ghléas cosúil le huaireadóir a thabhairt do gach siamsóir. Measann sin cá bhfuil an damhsóir, cad é an méid allais atá ag cur aige nó aici, cad é an croíráta agus cé chomh gníomhach is atá sé nó sí. Cuirtear an t-eolas sin ar ais chuig ríomhaire agus meascann an ríomhaire an ceol de réir. Má imíonn daoine ón urlár, braitheann an córas sin agus tiocfaidh athrach rithime nó dordlíne úr go dtí go dtagann na damhsóirí ar ais.

Tá tástáil ag dul ar aghaidh i láthair na huaire le fáil amach an féidir le scaifte damhsóirí idirdhealú a dhéanamh idir ceirneoir beo agus an córas úr. Táthar ag meas go mbeidh an t-idirdhealú sin doiligh. Agus más amhlaidh, cad is fiú na mílte punt a thabhairt do cheirneoir nuair is féidir le gléas an rud céanna a dhéanamh?

Agus na téarmaí sin ag tús an ailt seo? Níl barúil agam. Muna bhfuil a fhios agat, tá tú ró-shean do chultúr na haoise seo; cuir ceist ar dhuine atá i bhfad níos óige ná mé!

Sanas
Braitheann
detects
Ceimníonn sé amach he fades out
Ceimníonn sé isteach he fades in
Ceirneoir dj
Croíráta heartrate
Dordlíne base line
Deic deck
Minicíocht frequency
Siamsú entertain
Tástáil testing

Tuilleadh eolais:
http://www.newscientist.com/news/news.jsp?id=ns99991563
http://news.bbc.co.uk/electronicdj.stm


 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy