20 Eanáir 2005 Dúlaíocht an Gheimhridh B’fhéidir nach raibh iomlán tuiscint ar a meon ag ár seanathracha Ceilteacha nuair nach ndearna siad ceiliúradh éigin i lár an Gheimhridh le cian a thógáil uathu. Bhí an Samhain acu agus trí mhí ina dhiaidh sin Imbolc, ach ní raibh rud mór ar bith acu i lár an Gheimhridh. Thig na Rómhánaigh is cosúil, go raibh gá le scléip agus bhí an Saturnalia acu thart faoi am an Ghrianstad. Nuair a tháinig ré na Críostaíochta, cuireadh féasta na Nollag ar bun in áit an Saturnalia. D’aithin idir Chríostaithe agus Rómhánaigh go raibh claonadh ag daoine titim i ndúlagar ag an am seo bliana agus go raibh tógáil croí éigin de dhíth. Aontaíonn taighde eolaíochta an lae inniu go dtiteann daoine i ndúlagar ag an am seo agus go mbuaileann sé daoine áirithe níos measa ná daoine eile. Tugtar neamhord goilliúnach ráithiúil air agus tuigtear gurb é easpa solais ag an am seo bliana an fachtóir is mó is cúis leis. Tá fachtóirí eile ann ar ndóigh, agus tá léachtóir ollscoile ón Bhreatain Bheag i ndiaidh na fachtóirí seo a ríomh. Deir Cliff Arnalls, seiceolaí sláinte (nó seiceolaí sonais, mar a thugtar air in áiteanna) gurb é seo an t-am a ghlacann daoine comhairle a leasa agus rún acu mórathruithe a dhéanamh ina saolta. Ach teipeann orthu go minic sna rúin seo agus cuireann seo le dúlagar. Seo an t-am fosta is measa aimsire agus is mó fiacha; tá an Nollaig agus mórshiopadóireacht na Nollag inár ndiaidh agus na seachtainí ag síneadh romhainn go dtiocfaidh an tEarrach agus ina dhiaidh sin an Samhradh. Chum sé foirmle leis na fachtóirí seo uilig ann le go dtiocfadh leis a ríomh cad é chomh holc leis an dúlagar. Seo í: DL = 1/8W+(D-d).3/8.TQ.M.NA Ina bhfuil: DL = dúlaíocht W = aimsir D = Fiacha d = airgead i bpá Eanáir T = am imithe ón Nollaig Q = am ó theip ar iarracht stad ó rud éigin M = spreagadh ginearálta sa duine NA = an práinn le gníomh Is eolaí mé agus ní aithním féin seo mar fhoirmle cheart ach d’úsáid Cliff Arnalls í leis an lá is measa sa bhliain a ríomh. Is é an lá sin ná an 24 Eanáir. Agus tá an scéal níos measa i mbliana nó is é An Luan a bheidh ann an lá sin, agus is é An Luan an lá a chuireann drochspion ar dhaoine agus fad na seachtaine ag síneadh rompu. Ach tá réiteach aige fosta. Is féidir teacht slán ach caithfidh tú a aithint cad é atá ag tarlú duit tré eolas a bhailiú faoi. Agus is gá neart aclaíochta a dhéanamh. Agus smaoinigh fosta nach bhfuil ach corradh le seachtain ann gur féidir linn a rá mar a dúirt an seanfhile “Anois teacht an Earraigh, beidh an lá ‘dul chun sínte” B’fhéidir, i ndiaidh an iomláin go raibh tuiscint éigin ag na Ceiltigh ar fhadhb seo an dúlagair nuair a chuir siad tús leis an Earrach ag Mí na bhFaoilleach. Sanas: Aclaíocht physical exercise Dúlaíocht bleak weather Fachtóir factor Foirmle formula Grianstad solstice Mí na bhFaoilleach February Neamhord goilliúnach ráithiúil seasonal affective disorder (SAD) Tuilleadh eolais:
Daily Mail Article The BBC is not responsible for the content of external websites.
|