BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

Bunús an Raidió

Tuesday 30th January 2001

Tá ceiliúradh mór ag dul ar aghaidh na laethanta seo cionn is go bhfuil sé céad bliain ó theilg Guglielmo Marconi gathanna raidió thar muir.

Tharla seo i mí Eanáir 1901, ó Oileán Wight na Sasana go dtí An Corn, thart fá trí chéad ciliméadar. De thairbhe sin, shínigh sé conradh le Cabhlach Ríoga na Sasana, shaothraigh sé a shaibhreas agus níb’fhaide anonn, bhain sé Duais Nobel. Ach tá daoine ag déanamh dearmad fán éacht a rinneadh abhus anseo in Éirinn roimh ré.

I mí Bealtaine 1898 d’iarr Lloyds i Londain ar Marconi nasc raidió a chruthú idir Oileán Reachlainn agus an tír mór i mBaile an Chaisleáin, Contae Aontrama. Ní raibh sé féin ábalta teacht ar an bhomaite ach chuir sé cuiditheoir óg darbh ainm George Kemp agus d’fhostaigh seisean céimí óg ó Choláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath, fear darbh ainm Edward Glanville.B’iad an bheirt seo a rinne beagnach iomlán na hoibre; tháinig Marconi é féin ag deireadh Lúnasa, d’fhan ceithre lá agus ansin phill sé ar ais go Sasana leis an trealamh uilig.

Agus níorbh eisean a chéadaimsigh gathanna raidió; bhí buntaighde déanta roimh ré ag eolaithe mar Heinrich Hertz agus Sir Oliver Lodge. Ní féidir a rá gurbh eolaí é Marconi; b’innealtóir é nár chreid na h-eolaithe nuair a mhínigh siad an dóigh nárbh fhéidir gathanna raidió a theilgeadh thar réimse fada ar dhromchla an Domhain. D’fhéadfá a rá gur cineál amadáin a bhí ann a raibh fís aige agus a bhí sásta a shaol a chaitheamh ag iarraidh an fhís sin a chur i ngníomh. Ach ó bhuntaighde na n-eolaithe agus ó fhuinneamh agus ó bhua poiblíochta Marconi, d’fhás córais chumarsaide na fichiú aoise, idir córais mhileata agus córais náisiúnta mar an BBC agus RTE.

Agus níb’fhaide anonn, d’fhás an córas teilifíse. Agus anois is iad na gathanna raidió (agus na micreathonnta atá beagnach mar aon le gathanna raidió) atá taobh thiar de na gutháin iniompraithe agus an WAP a cheanglaíonn na gutháin seo leis an idirlíon. Nach mór a d’athraigh an saol ó aimsir Marconi. Agus tharla an t-athrú, chan amháin i dtrealamh teicniúil, ach fosta sa saol ina mbíonn sé á úsáid. Agus tá an t-athrú sin le sonrú sa BBC. Nuair a thosaigh an BBC ag craoladh sa bhliain 1922, bhí cur amach leathán ann, idir dhrámaí, chainteanna agus cheol ach ní raibh morán nuachta ann (ar eagla go gcuirfeadh sé isteach ar na nuachtáin!). Bhí blás cainte ar leith ag an BBC agus níor tugadh eisteacht do chanúint ar bith eile. Agus bhí ar gach láithreoir culaith fhoirmiúil a chaitheamh. Dá bhfeicfeá agus dá gcluinfeá a bhfuil ag dul ar aghaidh i stiúideo a hocht nuair a bhíonn cláracha Gaeilge an BBC ag dul amach, d’aithneofá an t-athrú mór atá tagtha ar chúrsaí chraoltóireachta ó aimsir Marconi.


Sanas:
Dromchla surface
Láithreoir presenter
Micreathonnta microwaves
Treallamh apparatus

Tuilleadh eolais:


 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy