BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

Meath na mBradán in Éirinn

News imageIs siombail láidir í an bradán, go háirithe in Éirinn, siombail sláinte, siombail láidreachta, siombail aclaíochta. Bhí sí ar an sean fhlóirín (dhá scilling nó deich bpingin daoibhse atá ró-óg) agus tá an bradán sa mhiotaseolaíocht mar an bradán feasa. Ach tá líon na mbradán anseo agus i ngach tír ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach ag titim agus tá seans ann nach mairfidh sé i bhfad eile.

Meastar nach bhfuil ag teacht aníos aibhneacha na hÉireann anois ach 20% den líon a bhí ann fiche nó tríocha bliain ó shin. Agus ní fiú caint ar dá bhfuil fágtha in aibhneacha na hEorpa. Tharla cuid mhór den titim san Eoraip de thairbhe truailliú in aibhneacha agus ró-iascaireacht farraige ag lucht na líonta. ( Dála an scéil b’iad iascairí na hÉireann a rinne an damáiste is mó san iascaireacht farraige seo; b’iad an mhuintir dheireanach a bhí ag úsáid sruthlíonta aonfhiliméid. Agus níor stad an slad seo go dtí i mbliana agus Rialtas na hÉireann faoi mhór-bhrú ag tíortha eile na hEorpa.)

Ach ar bharr gach aon rud eile, tá brú eile ann anois ag teacht ó théamh domhanda. Lena thuiscint, caithfimid spléachadh a thabhairt ar shaol-ré an bhradáin. Tagann na bradáin mhóra isteach ón fharraige idir mí Aibreáin agus mí na Samhna. Nuair a thiteann an teocht go pointe áirithe go mall san fhómhar, sceitheann siad agus go gairid ina dhiaidh seo faigheann an mhórchuid acu bás. Maireann corr-cheann le filleadh chun na farraige arís. Fásann na bradáin óga ar feadh dhá bhliain san abhainn go dtagann ardú teochta i mí Aibreáin nuair a fhilleann siad chun na farraige agus snámhann siad go háit ar chósta thiar-theas na Graonlainne. Cothaíonn siad iad féin ar chrústaí agus ar éisc bheaga. Tagann cuid acu ar ais an bhliain dár gceann mar bhlátháin, cúpla punt ar meáchan; tagann an chuid eile acu ar ais bliain ina dhiaidh sin agus tosaíonn an timthriall arís.

Ach de thairbhe go rialaíonn teocht cuid mhór den phróiseas seo, tá na bradáin i gcontúirt. Bíonn an aimsir níos teo san fhómhar agus níl na bradáin ag sceith ag an am cuí. Bíonn níos mó stoirmeacha fearthainne ann anois agus sciobann na tuilte a thagann anuas na haibhneacha cuid mhór de na huibheacha agus de na héisc óga ar shiúl. San earrach tagann ardú teochta ró-luath agus imíonn cuid de na bradáin ró-luath. In áit na bradáin uilig dul ‘na farraige le chéile thar thréimhse cúpla seachtain, maireann an filleadh seo cúpla mí agus tugann seo i bhfad níos mó ama do chreachóirí mar fhaoileáin agus rónta iad a ithe.

Sin an fáth anois agus na haibhneacha i bhfad níos glaine ná mar a bhí go bhfuil líon na mbradán ag meath. An bhfuil leigheas ar an scéal? Tá, má shocraímid gan iascaireacht a cheadú agus rialú i bhfad níos déine a dhéanamh ar fheirmeacha iasc. Caithfimid fosta cur le líon na n-iasc atá á dtógáil i ngorlanna agus á saoradh isteach sna haibhneacha. B’fhéidir, ar an dóigh seo, go mbeidh tuiscint éigin ag na glúnta atá le teacht ar chomh huasal agus chomh hurrúnta atá rí seo na n-iasc, an bradán.


Sanas:

Aonfhiliméid monofilament
Blátháin grilse
Creachóirí predators
Crústaí crustaceans
Faoileáin gulls
Gorlanna hatcheries
An Ghraonlainn Greenland
Miotaseolaíocht mythology
Rónta seals
Saol-ré life cycle
Sceitheann siad they spawn
Sruthlíonta drift nets
Timthriall cycle

Tuilleadh eolais:

http://www.atlanticsalmontrust.org/salmon_facts/salmon_biology.html

http://news.independent.co.uk/uk/this_britain/article2157359.ece

http://www.fishing.co.uk/article.php3?id=2180

Listen / Éist

The BBC is not responsible for the content of external websites

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy