BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

EVOLUTION

An Cine Neanderthal

Sa bhliain 1856, in uaimh sa ghleann Neander sa Ghearmáin, thángthas ar chnámha ársa a bhí an-chosúil le cnámha daonna ach a bhí ní ba throime agus ní ba láidre. Ó shin i leith, tá conspóid ann faoin cheangal a bhí ann idir an chine daonna agus an chine úr seo ar a dtugadh ainm an ghleanna ("tal" sa Ghearmáinis) inar aimsíodh é – Neanderthal.

Bhí teoiric ann cúpla bliain ó shin a dúirt go raibh fuil an chine Neanderthal meascaithe le fuil an chine daonna agus gurb é fianaise ar seo ná an líon daoine le gruaig rua i measc lucht na hÉireann agus lucht na dtíortha Lochlannach.

Ach tá staidéar déanta ar na mallaibh ar chnámha Neanderthala a bhfuarthas in uaimh sa Chróait agus bréagnaíonn an staidéar sin an nós go raibh idirphórú ar bith idir an dá chine. Rinneadh iniúchadh ar ADN sna cnámha agus nuair a chuirtear sin le chéile le hiniúchadh a rinneadh ar dhá bhailiúchán cnámh Neanderthal eile, is léir nach bhfuil ceangal ar bith idir an dá chine, cé go raibh an dá chine beo ag an am chéanna thart fá 30,000 bliain ó shin.

Tá sé measartha soiléir anois cad é an ceangal atá ann idir an chine Neanderthal agus an chine daonna. Ba dhá speiceas éagsúil iad. Shíolraigh siad beirt ó chine ar a dtugtar Homo Erectus thart ar 600,000 bliain ó shin ach scoilt siad óna chéile go gearr ina dhiaidh sin. Is féidir a rá gur thosaigh an cine daonna - Homo Sapiens - thart fá 100,000 bliain ó shin agus nár imigh an cine Neanderthal go dtí tuairim is 70,000 bliain ina dhiaidh sin.

Ní fheadair cad é a thug an bás dóibh uilig; b’fhéidir go raibh coimhlint ann idir iad agus an cine daonna nó b’fhéidir gur theip ar na hainmhithe ar a raibh said ag brath. Is léir gur sealgairí a bhí iontu agus nach raibh foinse bia ar bith eile acu.

Ach, cibé mar a tharla, níl iarsmaí ar bith den chine Neanderthal níos maille ná 30,000 bliain ó shin; measaimid gur díbríodh iad go dtí an áit a bhfuil an Spáinn agus an Phortaingéil inniu agus gur ansin a fuair an duine deireanach dóibh bás. Agus leis an bhás sin, d’imigh a gcuid géinte; is soiléir nach maireann cuid de na géinte sin inár measc féin.

Foclóir / vocabulary :
ADN
(aigéad dí-ocsairibeanúicléasach) DNA
Idirphorú interbreeding
Iniúchadh investigation
Speiceas species

Tuilleadh eolais:
New Scientist
BBC Science and Nature

The BBC is not responsible for the content of external websites.

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy