BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

EVOLUTION

Éabhlóid an chine dhaonna/The Evolution of the Human Raceman

Listen / Éist

Cúpla bliain ó shin, san Afraic, thángthas ar bhlaosc cinn agus tá torthaí an taighde a rinneadh uirthi ag teacht chun tosaigh anois. Agus tá na torthaí sin ag cur éiginnteacht leis an tuiscint a bhí againn go nuige seo ar ár n-aithreacha ársa.

Le scéal casta a shimpliú, d’eascair sinn uilig ó ápa a mhair thart fá chúig mhilliún bliain ó shin san Afraic agus ar a dtugtar "Australopithecus afarensis" Bhí an speiceas sin ábalta seasamh agus siúl cruinn díreach. D’athraigh na h-ábaltachtaí thar na mílte bliain go dtí gur féidir linn a rá gur éirigh speiceas eile ar a dtugtar "Homo habilis". Bhí an speiceas sin beo thart fá dhá mhilliún go leith bliain ó shin; bhí na neacha sin ábalta uirlisí simplí a úsáid agus bhí inchinní agus coirp ní ba mhó acu.

Astu sin tháinig speiceas le h-ábaltachtaí eile. Bhí Homo erectus beo thart fá dhá mhilliún bliain ó shin; d’úsáid siad tuanna agus bhí tinte in úsáid acu. Bhí inchinní s’acu thart fá mhéid inchinní s’againne agus bhí siad cosúil linn féin; dá bhfeicfí duine acu san lá atá ann inniu inár measc, ní dhéanfaí ábhar iontais de.

Ba é Homo erectus an chéad speiceas daonna a d’fhág an Afraic agus meastar gur spréigh siad amach ar fud an domhain. Uaidh sin a d’eascair Homo sapiens – sinn féin.

Ba é sin an scéala go dtí ar an mallaibh. Chonaic muid an dul chun cinn ó speiceas go speiceas, ó Australopithecus afarensis go Homo sapiens, gach céim cinnte agus tréimhse cinnte ceangailte le gach céim. Ach ní fhoireann an fionnachtain is úire don scéim seo. Is cinnte go bhfuil an bhlaosc úr seo trí mhilliún go leith bliain d’aois ach tá cuma air go bhfuil sí i bhfad níos úire; tá déad níos lú agus aghaidh nach bhfuil bruite chun tosaigh aici. Tá sí ar chomhaois le Homo afarensis ach tá sí chomh neamh-chosúil leis go meastar gur speiceas úr ann féin é. Tugadh ainm úr dó fosta; Kenyanthropus platyops (is é sin an t-ápa a fuaireas i Kenya agus a bhfuil aghaidh chothromach aige).

Cad é mar is féidir linn an speiceas úr seo a fhí isteach i sinsearacht s’againne? Níl a fhios againn. Is cinnte go gcaithfimid athsmaoineamh a dhéanamh agus go gcaithfimid a aithint nach bhfuil an pictiúr chomh simplí agus a bhí. B’fhéidir gur ó Kenyanthropus platyops a d’eascair sinn in áit ó Homo afarensis. Tá cuid mhór taighde le déanamh fós ar an dá iontaise; má dhéantar mion-scagadh orthu agus ar chnámha s’againne, b’fhéidir go mbeidh fuascailt an scéil romhainn.

Sanas:
Blaosc
skull
Cothromach flat
Éabhlóid evolution
Fionnachtain discovery
Iontaise fossil
Speiceas species

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy