EVOLUTION Ár n-aithreacha ársa / Know Your Neighbours
De réir an taighde is úire ar ghéinte daonna, is léir gur ó dheichniúr fear a shíolraigh níos mó ná 95% de dhaonra na hEorpa. I gcealla an chine dhaonna a mhaireann na géinte. Rialaíonn siad gach uile próiséas inár gcorp ach, le taobh sin, is foinse eolais iad ar na glúine as ar eascair sinn. Ach go dtí ar na mallaibh, ní raibh muid ábalta an t-eolas sin a aimsiú. Anois, agus tuigbhéal ag teacht chugainn ar theanga na ngéinte, thig linn teacht ar an eolas sin. Athraíonn géinte le ham. Athraíonn siad go randamach ach athraíonn siad ag ráta atá tairiseach agus tá an ráta sin ar eolas againn. Má scrúdaítear na géinte i mbeirt daoine, is féidir a ríomh cá huair a scar siad; is é sin, cá mhéad glúin ó shin a raibh an t-athair nó an mhathair chéanna acu. I gcill an duine, bíonn ní darbh ainm miteacoindre. Is ábhar fuinnimh í seo don chill agus tagann sí ón mháthair amháin nuair a toirchaítear ubh. Mar sin, is foinse eolais iad na miteacoindrí ar ár gcuid máithreacha amháin. Rinneadh scrúdú ar na miteacoindrí tamall gairid ó shin agus léiríodh gur ó sheachtar bean a d’eascair 99% de dhaonra na hEorpa. Sa chill dhaonna, bíonn na géinte rannta i measc na 46 crómasóim. I measc na 23 péire crómasóm, bíonn péire amháin a dtugtar X agus Y orthu más fireannach atá i gceist agus X agus X más baineannach atá i gceist. Tagann an Y ón athair amháin mar sin. Le déanaí, rinneadh infheistiú ar na crómasóim Y seo agus go háirithe, ar na difríochtaí eatarthu. Ón infheistiú seo, is cosúil gur ó dheichniúr fear a shíolraigh tromlach na ndaoine beo san Eoraip san lá atá inniu ann. Creidtear go raibh beirt den deichniúr siúd beo roimh dheireadh na hOighearaoise deireannaí, am éigin idir thrí mhíle dhéag agus dhá mhilliún bliain ó shin agus go raibh an t-ochtar eile beo idir seacht míle agus trí mhíle bliain ó shin. Is léiriú an taighde seo gur an-bheag ar fad an difear uilig atá eadrainn anseo in Éirinn agus ar fud na hEorpa, is cuma cé acu lipéad clainne nó cine a thugtar orainn. Sanas Baineannach female Crómasóim chromosomes Fireannach male Géinte genes Miteacoindrí mitochondrions Ní thing Ré oighreach ice age Tairiseach constant Toirchaítear fertilized
back to science homepage |