BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

EVOLUTION

familyAn dream ónar eascair sinn

Tá conspóid agus easaontas ann i láthair na huaire fá bhunús an chine dhaonna. Léiríonn an chonspóid seo an dóigh a dhéantar forbairt i gcúrsaí eolaíochta.

Le tamall gairid anuas, bhí teoiric amháin i réim. Is é sin gur éirigh an cine daonna (Homo Sapiens) aníos san Aifric idir 100,000 agus 200,000 bliain ó shin agus gur ón áit sin a spréigh sé thar dhromchla an domhain. Tá fianaise don teoiric seo bunaithe ar dhianstaidéar ar ADN atá i miteacoindreithe ár gcealla.

Nuair a tharlaíonn atáirgeadh, tagann miteacoindreithe i gcealla an fhéatais ón mháthair amháin gan athrú de ghnáth. Ach ó am go ham, tarlaíonn athruithe go randamach. Agus cé gur randamach na hathruithe seo, tarlaíonn siad ag ráta tairiseach. Is ionann sin agus má scrúdaítear ADN miteachoindreach beirte, is féidir a ríomh cé acu ar eascair siad ó dhuine amháin agus más fíor sin, cá fhad siar an duine sin.

Nuair a rinneadh taighde eolaíochta ar an ADN seo i réimse mór daoine cinneadh gur ó bhean amháin san Aifric a d’eascair muid uilig agus go raibh sí beo 143,000 bliain ó shin. Chan amháin sin, ach is féidir an bealach a spréigh muid a oibriú amach – ó oirthear na hAifrice go dtí an Mheán-Oirthear, ó sin go deisceart na hÁise agus go dtí An Astráil agus ag deireadh ar fad, go dtí An Eoraip thart fá 30,000 bliain ó shin.

Agus, mar léiriú ar chomh dlúth is atá an gaol eadrainn uilig, fuarthas amach fosta go bhfuil níos lú éagsúlacht géin i measc an chine dhaonna ná mar atá fiú i measc buíne amháin simpeansaithe.

Ach mar aon le teoiric eolaíochta ar bith, níl aontas iomlán faoi. Agus tá an t-easaontas seo bunaithe ar fhianaise fosta. Chuir ceathrar antraipeolaí ráiteas amach an lá fá dheireadh bunaithe ar staidéar atá á dhéanamh acu ar bhlaoscanna ársa Homo Sapiens agus speicis eile mar Homo Erectus agus Homo Neanderthalis. Deir na heolaithe seo go bhfuil na blaoscanna ró-chosúil lena chéile agus go gcaithfidh go raibh na créatúir seo beo ag an am céanna agus go raibh trásphórú eatarthu. Creideann siadsan gur eascair an cine daonna go neamhspleách san Aifric, san Eoraip agus san Áise ó speiceas ar a dtugtar Homo Erectus, speiceas a d’fhág An Aifric 1.5 milliún bliain ó shin.

Agus tá fianaise géiniteach ón Astráil ag tacú leis an teoiric seo; is soiléir nach féidir cnámharlach "Mungo Man" a cheangal leis an teoiric eile gur ón Aifric a d’eascair muid níos lú ná 200,000 bliain ó shin. Ach cothaíonn conspóid taighde. Agus ón taighde sin a thiocfaidh fuascailt na rúndiamhaire seo. Agus beidh a fhios againn ansin cá has a dtáinig muid.

Sanas/Vocabulary:
ADN (aigéad dí-ocsaíribeanúicléasach)
- DNA
Antraipeolaithe - anthropologists
Atáirgeadh - reproduction
Dromchla - surface
Miteacoindreithe - mitochondrions
Rúndiamhair - mystery
Simpeansaithe - chimpanzees
Speiceas - species
Tairiseach - constant
Trásphórú - interbreeding

Tuilleadh eolais / Extra information:
Natural History Museum - Dept. Of Palaeontology
BBC Science - Cavemen

The BBC is not responsible for the content of external websites.

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy