ENVIORNMENT An Eagraíocht Trádála Domhanda/The World Trade Organisation  Tháinig Comhairle seo na nAirí le chéile go deireannach i Seattle sa bhliain 1999. Bhí sé mar aidhm acu tuilleadh scaoilte a dhéanamh ar na bacainní trádála. Níor éirigh leo nó d’éirigh easaontas idir na tíortha ón Domhan Thiar agus na tíortha i mbéal forbartha. Dar leis na tíortha bochta nach raibh go leor lamháltais á dtabhairt dóibh. Agus bhí iúl an domhain orthu nó bhí lear mór ágóideoirí ag tógáil raice taobh amuigh den ionad tionóil. 
Tá saincheist mhór amháin ann atá ag cur amhrais ar na tíortha i mbéal forbartha an t-am seo. Is é sin soláthar leighis míochaine in éadan SEIF. Le blianta, tá na comhlachtaí cógaisíochta móra ag diúltú costais na ndrugaí a laghdú agus bhí tacaíocht SAM acu. De thairbhe sin, ní raibh tíortha bochta in inmhe iad a cheannach agus fuair na milliúin daoine bás. Tháinig laghdú ar an chostas le tamall gairid ach deir na tíortha bochta go bhfuil na drugaí i bhfad ródhaor go fóill. Is mian leo iad a mhonarú iad féin faoi cheadúnas. Thiocfadh leo sin a dhéanamh ach ní cheadaítear é sin go fóill. Is mian leo go dtugtar an cead sin dóibh. Agus measann na tíortha bochta seo go bhfuil dhá chaighdeán ag na comhlachtaí cógaisíochta agus SAM. Nuair a rinneadh an t-ionsaí bithsceimhleach ar Nua Eabhrach agus ar Washington, laghdaigh Bayer, an comhlacht a mhonaireann Cipro, a gcuid praghsanna ar an toirt. Nuair a bhí laghdú de dhíth ar SAM, tharla sé. Ach nuair a bhí sé de dhíth ar thíortha eile agus na milliúin i gcontúirt a mbáis, níor tharla sé ar feadh na mblianta Tá ábhair easaontais eile ann idir na comhlachtaí móra agus SAM go príomha ar thaobh amháin agus tíortha bochta agus ágóideoirí timpeallachta ar an taobh eile. Measann na hágóideoirí go ndéanann beartais saorthrádála dochar don timpeallacht agus má scaoiltear tuilleadh ar na bacainní, go ndéanfar tuilleadh damáiste. Tabharfar luaíochtaí nósanna maireachtála an Domhain Thiar chuig tíortha i mbéal forbartha níos gasta agus leis an bhreisthrácht cuirfear leis an iarmhairt cheaptha teasa tré tuilleadh ola á dhó. Tá contúirt ann go bhfuil iúl na meán ar Mheiriceá agus ar an trioblóid san Afganastáin i láthair na huaire agus go dtiocfar ar réiteachtaí i gCatar nach rachaidh chun sochar don tríú domhan nó don timpeallacht. Is mithid dúinn uilig ár n-aird a dhíriú air. Sanas: Ágóideoirí demonstrators Allmhaireoirí importers Bacainní trádála trade barriers Beartais saorthrádála freetrade policies Bithsceimhleach bioterrorist Catar Quatar Comhaontuithe agreements Iarmhairt cheaptha teasa greenhouse effect Lamháltais concessions Luaíochtaí nósanna maireachtála lifestyle values Onnmhaireoirí exporters Rúnaireacht secretariat Saincheist issue SAM USA SEIF AIDS Tuilleadh eolais: World Trade Organisation New Scientist BBC News - World Trade Blocs The BBC is not responsible for the content of external websites back to science homepage |