ENVIORNMENT Scáth gréine don DomhanAre we protecting ourselves enough from UV Rays?
Tá an scéala chomh holc sin faoin truailleadh atá á dhéanamh againne ar an Domhan agus faoi na hathruithe atá ag titim amach ar an aeráid de thairbhe, go bhfuil eolaithe ag smaoineamh go gcaithfidh siad teacht ar bhealaí le maolú a dhéanamh ar dhéine radaíocht na Gréine sula mbuaileann sé dromchla an Domhain. Bhí comhdháil i Cambridge, Sasana le gairid inár phléigh eolaithe an fhadhb. Is í sin nach bhfuil atmaisféar an Domhain ina chosaint in éadan gathanna teasa agus gathanna ultraivialait mar a bhí. Táimid ag astú barraíocht dhé-ocsaíd charbóin, tá sin ag cur leis an iarmhairt cheaptha teasa agus tá an Domhan ag éirí níos teo. Tá an ciseal ózóin faoi ionsaí ag ceimiceáin eile – na clórafluaracarbóin – agus is é an ciseal seo a ionsúnn gathanna ultraivialait.
Tá réiteach ann ar ndóigh; d’fhéadfadh rialtais an Domhain comh-oibriú le chéile agus teacht ar sheifteanna le gearradh anuas suntasach a dhéanamh ar na ceimiceáin seo. Ach theip ar sin go fóill; cé gur socraíodh ar réiteacha roimhe seo, ag Kyoto sa bhliain 1997 mar shampla, níor dhaingnigh Na Stáit Aontaithe nó An Rúis iad go fóill agus tá siad fágtha gan éifeacht mar sin. Mura bhféidir linn gearradh anuas a dhéanamh, deir na heolaithe go gcaithfimid smaoineamh ar dhóigheanna le maolú a dhéanamh ar an radaíocht féin. Tháinig siad le chéile le measúnacht a dhéanamh ar na bealaí a d’fhéadfadh teicneolaíocht nó macrinnealtóireacht na haoise seo cuidiú. Tháinig smaoineamh amháin chun tosaigh go láidir ag an chomhdháil; sciath a thógáil idir sinn féin agus an spás le frithchaitheamh a dhéanamh ar na gathanna. D’fhéadfaí na céadta mílte tonna de phíosaí beaga miotail (níos lú ná ceintiméadar) a chur amach i bhfithis íseal ag barr an atmaisféir. Thiocfaí iad a theilgean le roicéid agus meastar go bhfanfadh siad ansin ar feadh céad bliain. Dá n-oibreodh an scéim, ghearrfaí anuas ar radaíocht a thiteann ar thart fá mhilliún ciliméadar cearnach de dhromchla an Domhain agus tharlódh fuarú suntasach. Bhí smaointe eile á gcaibidil ag an chomhdháil chéanna. D’fhéadfaí cuid mhór cothaithigh a chur isteach sna haigéin le go bhfásfadh lear mór algaí. D’ionsúfadh na h-algaí na milliúin tonna dhé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar. Is féidir a shamhailt fosta go mbeadh innill mhóra ar snámh san aer agus iad ábalta néalta a chruthú. Dhéanfadh na néalta seo radaíocht a fhrithchaitheamh agus thabharfadh sin cosaint don domhan. Ach ní bheadh an macrinnealtóireacht seo gan chostas. Gan trácht ar airgead, bheadh athraithe móra ar an timpeallacht, gearradh anuas ar laethanta grianmhara mar shampla, agus b’fhearr i bhfad mura raibh gá leo ar chor ar bith. B’fhearr i bhfad gearradh anuas a dhéanamh ar astú na ngás dochrach sa chéad dul síos. Ach ní tharlóidh sin go dtiocfaidh athrú dearctha ag na mór-thíortha, go n-éiríonn siad níos altrúchasaí agus níos domhanda ina ndearcadh. Agus níl mórán iomrá air sin.
Sanas
Aeráid climate Algaí algae Altrúchasach altruistic Astú emitting Cearnach square Ciseal ózóin ozone layer Cothaithigh nutrients Dhaingnigh ratify Déine intensity Dé-ocsaíd charbóin carbon dioxide Dochracha harmful Fithis orbit Frithchaitheamh reflect Ionsúnn absorbs Macrinnealtóireacht macro-engineering Maolú reduction Radaíocht radiation Roicéid rockets Teilgean project
Tuilleadh eolais The Tyndall Centre for Climate Change Research
back to science homepage |