ENVIORNMENT Sábháilteacht bhóthair / Road safety
Ní hí Éire an tír is measa san Eoraip i dtaca le sábháilteacht bhóthair di, ach ní hí is fearr ach an oiread; maraítear tuairim is 129 in aghaidh gach milliún duine gach bliain. Maraítear 210 sa Ghréig ach ní maraítear ach 93 in aghaidh gach milliún sa Ghearmáin. De réir staitisticí ó Chonstáblacht Ríoga Uladh, tá líon na ngluaisteán i dTuaisceart Éireann ag dul i méadaíocht ó bhliain go bliain ó níos mó ná 35,000 sa bhliain 1931 go chomhair a bheith 700,000 sa bhliaini 1997. Sin méadú 20 uair. Ach san am chéanna, tá líon lucht gortaithe méadaithe deich n-uaire, líon na dtaismí méadaithe fá chúig agus níl méadú suntasach ar bith, féadaim a rá, i líon na marbh ar na bóithre. Sin léiriú, sílim, ar an dul chun cinn atá déanta i gcúrsaí sábháilteachta le seachtó bliain, a bhuíochas sin ar theicneolaíocht agus taobh thiar den teicneolaícht sin, an eolaíocht féin. Mar shampla, tá coscáin níos fearr i ngluaisteáin anois agus laghdaíonn sin an luas lena mbualann carr amháin carr eile. Tá stiúir i bhfad níos cinntí i ngluaisteáin a fhágann i gcumas an tiománaí taisme a sheachaint. Agus tá na fuinneoga níos mó agus níos trédhearcaithe, ag ligeann don tiománaí contúirt a fheiceáil go luath. Agus nuair a tharlaíonn taisme, tá dearadh ar ghluaisteáin a laghdaíonn déine na taisme; ionsúnn an carr cuid de fhuinneamh na taisme agus fágann sin na daoine sa charr níos sábháilte ná mar a bhí roimh ré. Ach fiú agus an dul chun cinn seo déanta, is olc an rud é go maraítear tuairim is 150 duine gach bliain anseo i dTuaisceart Éireann. Agus, níos measa ná sin, ní bhíonn muid ró-bhuartha faoi. Tá níos mó daoine marbh ar bhóithre na háite seo le tríocha bliain anuas ná mar a maraíodh sna Trioblóidí. Má tá biseach le teacht ar na huimhreacha seo, caithfear smaoineamh réabhlóideach a chur i bhfeidhm. Caithfimid, amach anseo, stiúir na gcarranna a fhágáil faoi ghléas éigin nach bhfuil daonna. Tá mé féin cinnte go mbeidh micreaphróiseálaí i ngach gluaisteán agus go mbeidh an próiseálaí sin i dteagmháil le ríomhairí cumhachtacha a dhéanfaidh beagnach gach cinneadh sa ghluaisteán. Ní bheidh le déanamh againn ach cnaipe a bhrú agus suí siar. B’fhéidir nach maith an rud é i dtaca lenár bhféiniúlacht nó neamhspéachas féin de ach muna dtarlaíonn sé, beidh orainn slán a fhágáil le córas iompar príobháideach agus i bhfad níos mó úsáid a bhaint as taisteal poiblí. Foclóir: Acmhainní resources Comhcheangailte conjoined ( ní úsáidtear an téarma Siamach na laethanta seo ) Déshiogótach dizygotic ( = dhá ubh ) Forbraíonn develop Monaisiogótach monozygotic ( = ubh amháin ) Toirchiú fertilization
back to science homepage |