BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

ENVIORNMENT

Duilliúr an Fhómhair / Falling leaves in early September

fallen leavesAg an am seo bliana, tagann dathanna éagsúla ar na crainn. Imíonn an glas agus chítear dathanna dearga, oráiste, buí agus donna ar na duilleoga sula dtiteann siad. Cad atá ag dul ar aghaidh agus cad chuige a dtarlaíonn sé?

Bíonn duilleoga glas de ghnáth cionnas go mbíonn iontu ceimiceán ar a dtugtar clóraifill. Úsáiseann an planda an chlóraifill le fuinneamh a chruthú. Nuair a thiteann solas na gréine ar an duilleog, ionsúnn an chlóraifill an solas agus le fuinneamh an tsolais tarlaíonn imoibriú idir dé-ocsaíd charbóin agus uisce agus monaraítear glúcós agus ocsaigin. Scaoiltear an ocsaigin amach san aer, déantar stáirse den ghlúcós agus stórailtear é.

Bíonn ceimiceáin eile sa duilleog le taobh na clóraifille. Is iad seo na cairitéiní, na hantóiciainí agus na tainniní agus bíonn feidhm ar leith acu uilig.

Bíonn na cairitéiní buí nó oráiste agus ionsúnn siad solas na gréine fosta. De ghnáth, ní bhíonn an tiúchán céanna acu ann agus ní fheictear an dath seo. Ach bíonn siad le sonrú in áiteanna eile seachas sna duilleoga nó is iadsan a thugann dathanna do bláthanna agus do thorthaí.

Is í feidhm na n-antóiciainí ná cosaint a thabhairt don phlanda; nuair a dhéantar damáiste don duilleog is iad na hantóiciainí a chuidíonn go mór le cneasú agus maolann siad tiúchán an tsolais a thiteann ar na cealla nuair a bhíonn sé rógheal. Bíonn siad geal dearg ach de ghnáth ní fheictear iad sna duilleoga nó ceilltear iad ag dath láidir na clóraifille. Ach bíonn siad le sonrú i mbláthanna agus i dtorthaí fosta.

leaves falling from the treesIs fuíollsubstaintí iad na tainniní cé go mbíonn ról acu fosta i gcóras cosanta an phlanda; bíonn siad searbh agus cuidíonn siad le creachóirí a éaradh. Bíonn dath donn ar na tainniní agus mar aon leis na ceimiceáin eile, ní thugtar fá deara iad de ghnáth.

Sa gheimhreadh ní bhíonn go leor solais ann do mhórchuid na gcrann anseo in Éirinn; ní mhaireann solas an lae ach pas beag níos mó ná seacht n-uair a chloig i Mí na Nollag. Ní fiú, mar sin do na crainn duillsilteacha seo na duilleoga a choinneáil nó caillfidh siad barraíocht teasa agus uisce trí na duilleoga. Ach sula dtiteann na duilleoga, déanfaidh an crann cibé maitheas a bhíonn sna duilleoga a thabhairt ar ais isteach sna géaga lena choigilt. Is é an chéad chéim sa phróiseas seo ná briseadh anuas a dhéanamh ar an chlóraifill mar go bhfuil nitrigin agus fosfar ann. Nuair a imíonn an dath glas seo is ansin a chítear na dathanna láidre buí, oráiste agus dearg a bhí ceilte.

Muna dtagann séideán mór gaoithe agus má mhaireann an duilleog ar an chrann fada go leor, meathann na dathanna seo agus ní bhíonn fágtha ach na tainniní agus iad donn.

Is soiléir i mbliana go bhfuil tús curtha leis an phróiseas seo go luath agus tá sin le ciall. De thairbhe samhradh a bhí chomh tirim agus a bhí, tá ganntanas uisce ag cur as do na crainn agus fágann sin iad faoi strus. Cailleann plandaí uisce ó na duilleoga agus is é an dóigh is fusa acu gearradh anuas a dhéanamh ar sin ná fáil réidh leis na duilleoga a luaithe agus is féidir. Sa dóigh sin, déanann siad cinnte go mairfidh siad bliain eile agus beimid ábalta sult is pléisiúr a bhaint astu uair amháin eile.

Sanas:

Antóiciainí anthocyanins
Cairitéiní carotenes
Clóraifill chlorophyll
Creachóirí predators
Duillsilteach deciduous
Éaradh repel
Fosfar phosphorus
Fuíollsubstaintí waste substances
Imoibriú reaction
Ionsúnn absorb
Stáirse starch
Tainniní tannins
Tiúchán concentration

Tuilleadh eolais:
New Scientist Archive

The BBC is not responsible for the content of external websites.

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy