BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

ENVIORNMENT

Iaidín mar chosaint do mhuintir na hÉireann / Iodine used to protect the Irishiodine

I láthair na huaire, tá rialtas na hÉireann ag cur amach táibléid iaidín chuig gach teach sa tír mar chuid de phlean éigeandála náisiúnta in éadan taismí núicléacha. Níl stáisiún cumhachta núicléach ar bith in Éirinn agus ní thagann breosla núicléach ar bith isteach sa tír. Ach tá aird an rialtais ar Sellafield, an mhonarcha athphróiseála nach bhfuil ach thart fá chaoga míle amach ó chósta na hÉireann. Go nuige seo, bhí seans ann go dtarlódh taisme agus bhí daoine den bharúil ariamh go raibh dramháil núicléach á cur amach aici. Ach ó tharla an feallionsaí ar an ionad trádala domhanda i Nua Eabhrac tá contúirt i bhfad níos mó ann go dtarlóidh an rud céanna do Sellafield. Agus dá mbeadh an ghaoth san aird mhícheart agus fearthainn os ár gcionn, d’fhéadfadh ualach trom radaighníomhaíochta titim ar thalamh na hÉireann.

Listen / Éist

Le cois na dtáibléad, tá comhairle tugtha amach ag an rialtas do shaoranaí na hÉireann ó dheas agus b’fhéidir nár mhithid dúinn anseo i dtuaisceart na tíre amharc orthu. Má tharlaíonn astú radaighníomhaíochta moltar:

Fan sa teach agus druid doirse agus fuinneoga go ceann roinnt uair a chloig.
Éist le comhairle ón rialtas maidir le cibé cineálacha bia atá sábháilte a ithe.
Glac táibléid iaidín má mholtar sin (b’fhéidir nach gá sin a dhéanamh).

Cad é an eolaíocht atá taobh thiar den chomhairle seo? Má phléascann imoibreoir núicléach de thairbhe taisme (mar a tharla i Chernobyl sa bhliain 1986) nó de thairbhe ionsaí sceimhlitheora, astaífear roinnt substaintí radaighníomhacha. Is ionann sin agus substaintí atá ag cur amach gathanna radaighníomhacha ar a dtugtar alfa, béite nó gama. Déanfar néal de na substaintí agus séidfear sin ag an ghaoth. Má tharlaíonn fearthainn os cionn an néil seo, titfidh na substaintí seo go talamh leis an fhearthainn agus fágfar na cáithníní radaighníomhacha ar dhuilleoga plandaí nó beidh siad ar snámh san aer.

A bheag nó a mhór, má bhuaileann na gathanna an corp ar an taobh amuigh, ní dhéanfaidh siad dochar ar bith. Ach má ionanáiltear nó má shlogtar na substaintí seo ar dhuilleoga nó i bhfeoil ainmhí a d’ith na plandaí, buailfidh na gathanna seo na cealla taobh istigh den chorp agus tá seans ann go ndéanfaidh siad an oiread sin dochair is go n-éireoidh na cealla ailseach. Sin an fáth go moltar fanacht sa teach agus gan duilleoga áirithe a ithe.

Ceann de na substaintí a astaítear i bpléascán den tsórt seo ná iaidín radaighníomhach. Nuair a théann iaidín isteach sa chorp daonna, cuirtear é chuig faireog sa mhuineál ar a dtugtar an fhaireog thíoróideach. Ach má fhaigheann an corp barraíocht iaidín, rachaidh an fuílleach fríd gan stad. Sa dóigh is nach dtuibhítear iaidín radaighníomhach san fhaireog seo, ba cheart an oiread sin iaidín a ithe is go dtéann cibé iaidín radaighníomhach a ionsúitear fríd gan fanacht nó dochar a dhéanamh. Sin an fáth gur cheart go mbeadh na táibléid iaidín ag gach duine sa dóigh is gur féidir leo iad a ghlacadh sula slogann nó sula n-itheann siad iaidín radaighníomhach ar bith.

Bíonn cealla pháistí níos íogairí na cealla an duine fásta maidir le radaighníomhacht. Mar sin de, ba chóir déanamh cinnte, má tharlaíonn tubaiste mar seo, go bhfaigheann na páistí na táibléid ar aon nós.

Ach b’fhearr i bhfad, ar ndóigh, muna raibh monarcha athphróiseála Sellafield ann ar chor ar bith. Sin an cuspóir atá curtha roimhe féin ag rialtas na hÉireann agus b’fhéidir, lá éigin amach anseo nach gá dúinn a bheith buartha fán a leithéid de thubaiste.

Sanas:
Athphróiséail
reprocessing
Cáithníní particles
Dramháil núicléach nuclear waste
Faireog thíoróideach thyroid gland
Iaidín iodine
Íogair sensitive
Ionánáiltear inhaled
Ionsúitear absorbed
Radaighníomhach radioactive
Tuibhítear concentrated

Tuilleadh eolais:
Radiological Protection Institute of Ireland
New Scientist Archive

The BBC is not responsible for the content of external websites.

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy