ENVIORNMENT An Iarmhairt Cheaptha Teasa / Greenhouse Effect
Is í an iarmhairt cheaptha teasa an bhagairt is mó ar thimpeallacht an domhain agus ar chaighdeán maireachtála an chine dhaonna. An rud is mó is cúis léi ná an t-astú dhé-ocsaíde charbóin atá ag dul ar aghaidh againne. Tarlaíonn an iarmhairt mar seo: tagann radaíocht teasa ón ghrian isteach tríd an aer agus ionsúítear í ag dromchla an domhain. Nuair a éiríonn an dromchla te, astaíonn sé radaíocht teasa agus téann an radaíocht seo amach go dtí an spás arís. Go dtí ar na mallaibh, b’ionann ar an mheán-mhéid, na rátaí aschurtha agus ionsúcháin seo. Ach le céad go leith bliain nó mar sin, tá tiúchan dhé-ocsaíde charbóin san aer ag dul in airde as siocair go bhfuilimid uilig ag dó breosla sna tithe, sna monarchana agus sna stáisiúin chumhachta. Níl tionchar ar bith ag an ardú tiúchana seo ar an radaíocht - tá teas ag teacht anuas tríd an aer ón ghrian ach gearann sé anuas go mór ar tharchur na radaíochta a théann ón dromchla amach go dtí an spás. Is ionann sin is go bhfuil dromchla an domhain ag ionsú níos mó teasa ná mar a bhí, agus mar sin de, tá teocht an dromchla sin ag dul in airde go mall ach gan stad. Beidh tionchar an-láidir ag an iarmhairt seo ar aeráid an domhain. Leáfaidh oighear san Antartach agus i ngach oighearshruth ar fud an domhain agus ardóidh leibhéal na farraige. Báfar roinnt tíortha agus cuid mhaith de chóstaí thíorthaí eile. Ardóidh an mheán-teocht ar fud an domhain agus de thairbhe sin, beidh athrach mór i bpatrúin thalmhaíochta an domhain. Agus anseo in Éirinn, cé go mbeidh na samhraí níos teo, beidh sé i bhfad níos stoirmiúla agus níos fliche sa gheimhreadh. An bhfuil leigheas ar an scéal seo? Níl sa ghearr-théarma. Caithfimid éirí cleachtaithe leis na hathruithe aimsire agus talmhaíochta seo. Ach más mian linn an fhadhb seo a réiteach amach anseo, caithfimid tosú anois. Caithfidh náisiúin an domhain aontú le chéile agus gearradh anuas a dhéanamh ar astú dhé-ocsaíde charbóin. De réir na n-eolaithe, caithfidh an gearradh anuas sin a bheith substaintiúil. Tá argóintí láidre ag dul ar aghaidh idir na náisiúin fá 5% nó 3% i láthair na huaire agus níl aontú ar bith eatarthu; ach má tá muid leis an fhadhb seo a réiteach amach anseo, caithfidh muid teacht ar sheifteanna le gearradh anuas 60% a dhéanamh. Is beag seans go mbeidh an t-aontú sin ann go dtí go mbíonn an fhadhb i bhfad níos measa ná mar atá i láthair na huaire. Sanas / vocabulary: Aeráid climate Astú emission Dé-ocsaíd charbóin carbon dioxide Dromchla surface Iarmhairt cheaptha teasa greenhouse effect Ionsúítear absorbed Oighearshruth glacier Tiúchan concentration Tuilleadh eolais BBC News Science New Scientist
The BBC is not responsible for the content of external websites back to science homepage |