ENVIORNMENT Eolaíocht na dTinte Ealaíne / The Science of Fireworks
B’iad na Sínigh a d’úsáid tinte ealaíne don chéad uair. Breis agus míle bliain ó shin, bhí siad ag teilgeadh roicéad san aer le cumhacht phúdair dhuibh. Ba é sin meascán de níotráit photaisiam, fíoghual agus sulfar agus nuair a loisceadh é, dhóigh sé agus chothaigh sé go leor fuinnimh leis na roicéid a chaitheamh san aer. Ach ní raibh na tinte ealaíne seo ró-chumhachtach, ró-gheal nó ró-éifeachtach. Agus ní raibh de dhathanna ann ach buí agus oráiste. B’iad na hIodálaigh a shocraigh ar dhóigh le tuilleadh cumhachta a thabhairt do na tinte ealaíne tré chlóráit photaisiam a chur leis an mheascán. Chuir seo níos mó ocsaigine leis an dó agus d’éirigh an t-imoibriú ní ba láidre. Ach níor cuireadh dathanna éagsúla leis na tinte ealaíne gur tháinig an naoú céad déag nuair a d’fhionn ceimiceoirí na dúile agus ansin na comhdhúile. Mhothaigh siad gur astaigh na comhdhúile seo dathanna láidre agus iad ag dó agus d’fhoghlaim siad an dóigh leis na comhdhúile agus na pléascaigh a mheascadh. Níor tháinig morán athrú ar na tinte ealaíne ó shin. Seo cur síos ar na dathanna a bhíonn sna tinte ealaíne agus na ceimiceáin a tháirgeann iad: Buí sóidiam Oráiste clóiríd chailciam Dearg clóiríd strontiam nó carbonáit strontiam Glas clóiríd bhairiam nó niotráit bhairiam Gorm clóiríd chopair Le drithleoga bána nó órga, úsáidtear iarann púdraithe nó alúmanam púdraithe. Dóitear sárchlóráit photaisiam agus salaicioláit sóidiam le chéile agus astaíonn siad gáis a dhéanann feadáil scairteach. Le pleascadh tobann a chruthú dóitear tíotáiniam púdraithe; dónn seo chomh gasta sin go dtagann trup an-láidir as. Ach is mithid dúinn i gcónaí cuimhneamh gur pléascaigh iad na tinte ealaíne agus gur fearrde dúinn a bheith faichilleach agus sinne á n-úsáid. Sa Bhreatain amháin, gortaítear thart fá ocht gcéad duine gach bliain mar gheall orthu agus i Meiriceá gortaítear tuairim is deich mile. Ach má bhímid cúramach leo, is ábhar phléisiúir iad na tinte ealaíne dúinn uilig idir óg agus aosta; is beag radharc atá ionchurtha le drithleoga ildaite ag pleascadh sa spéir. Foclóir / vocabulary: Astaigh to emit Carbonáit strontium strontium carbonate Clóiríd bhairiam barium chloride Clóiríd chalciam calcium chloride Clóiríd chopair copper chloride Clóiríd strontium strontium chloride Clóráit photaisiam potassium chlorate Comhdhúil compound Drithleoga sparks Dúil element Fíoghual charcoal Fionn discover Imoibriú reaction Níotráit photaisiam potassium nitrate Ocsaigin oxygen Salaicioláit soidiam sodium salicylate Sárchlóráit photaisiam potassium perchlorate Tíotáiniam titanium Tuilleadh eolais / For more information: Pyrotechnics - The Art of Fire
The BBC is not responsible for the content of external websites back to science homepage |