ENVIORNMENT Diamaint / Diamonds Ag an am seo den bhliain, aimsir Vailintín, deirtear go mbíonn mná de gach uile aois ag súil le bronntanas grá agus deirtear gurb iad diamaint an comhartha grá is ansa leo. Ach cad chuige seo? Cá huair a ceanglaíodh diamaint leis an ghrá?

Is ábhar iontais é nár tharla an ceangal seo go dtí daichidí an chéid seo chuaigh thart. Go dtí sin, bhí níos mó measa ag na mná ar sheoda eile mar ópail, rúibíní, saifírí agus turcaidí. Ach sa bhliain 1947, chuir an comhlacht De Beers tús le feachtas an-chliste bolscaireachta a chothaigh an nasc seo idir an grá agus an diamant. Chan amháin gur chruthaigh an feachtas seo margadh úr ar fud an domhain ach rinne sé cinnte nach ndíolfadh mná na diamaint: "a diamond is forever". Sna seascaidí bhí barraíocht diamaint bheaga ann gan mórán díol orthu agus chum De Beers feachtas úr. Chruthaigh siad fáinne úr ina raibh na céadta diamant, thug siad "fáinne síoraí" air agus mheall siad na milliúin ban lena shantú. Chan amháin gur réitigh siad an fhadhb a bhí acu ach dhaingnigh siad an nós nár cheart a choíche diamaint a dhíol. Tá an nós seo an-tábhachtach do mhargadh na ndiamant. Tá diamaint luachmhar cionnas nach féidir iad a cheannach ach ó sheodóir agus ceannaíonn seisean iad ó De Beers. Dá dtiocfadh diamaint eile ar an mhargadh, laghdódh an iomaíocht na luachanna agus thitfeadh an tóin as an mhargadh. Bíonn an diamant úsáideach i dteicneolaíocht agus in eolaíocht de thairbhe gur mianra crua é. Is é an mianra is crua atá le fáil go nádúrtha é. Cuirtear diamaint le béalmhír druilire le faobhar gearrtha fadmharthanach a chuir air mar shampla. Cionnas go ligeann siad gach cineál solais agus radaíochtaí leictreamaighnéadacha eile tríothu, úsáidtear iad mar fhuinneoga i spástaiscéalaithe. Ach taobh amuigh de sin, níl mórán eile ar féidir a dhéanamh leo. Is cineál carbóin é diamant, carbon ina bhfuil cóiriú ar leith ar na hadaimh. Bíonn ceangal teitreahéadánach ar na hadaimh agus is ceangal an-láidir é seo. Má chuirtear carbon (súiche nó fioghual) faoi bhrú ollmhór agus teocht 400 grád Celsius ar a laghad leis, cruthaítear na ceangail seo agus déantar diamaint. Tarlaíonn na coinníollacha seo níos mó ná céad míle thíos i maintlín an domhain agus is ón áit sin a tháinig diamaint an lae inniu. Cruthaíodh iad thart fá trí bhilliún bliain ó shin, meastar. Idir an am sin agus anois, i roinnt bheag áiteanna tharla brúchtadh bolcánach a raibh préamhacha domhain aige. Tagann magma de ghnách ó réigiúnanna atá suas le tríocha míle thíos, ach corruair tagann sé ón doimhne ina bhfuil na diamaint. Iompraíonn an magma na diamaint aníos leis agus fágtar iad cóngarach do dhromchla an domhain. Tugtar Kimberlite ar an mhian seo ina bhfuil na diamaint.Tá na háiteanna seo ar fud an domhain, deisceart na hAifrice, tuaisceart Cheanada agus oirthuaisceart na Rúise go príomha. Ach, go bhfios dúinn, níl Kimberlite ar bith in Éirinn agus mar sin de, ní fiú do shaothar duit iad a chuartú anseo. Sanas: Béalmhír druilire drill bit Fioghual charcoal Leictreamaighnéadach electromagnetic Maintlín mantle Mian ore Mianra mineral Ópail opals Rúibíní rubies Saifírí sapphires Spástaiscéalaithe space probes Teitreahéadánach tetrahedral Turcaidí turquoises Tuilleadh eolais: Edward Jay Epstien How Stuff Works The Nature of Diamonds Earth Science Australia The BBC is not responsible for the content of external websites back to science homepage |