BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

ENVIORNMENT

atomic explosionÚráiniam ídithe/ Depleted Uranium

Le mí nó dhó anuas, tá conspóid ag dul ar aghaidh fá úsáid úráiniam ídithe i lón cogaidh. Tá daoine agus rialtais ann a deir go ndéarnadh damáiste do shláinte shaighdiúrí agus thuataí trína úsáid i gcogadh na Murascaille agus sa chogadh Bhalcánach. Ach séanann cuid eile de na rialtais gur tharla damáiste ar bith.

Ach cad é go díreach é úráiniam ídithe? Faightear úráiniam go nádúrtha faoin talamh mar mhianach. Bíonn dhá chinéal úráiniam le chéile sa mhianach seo go príomha. Is iad seo úráiniam-235 agus úráiniam-238. Ach bíonn an úráiniam-235 tearc; ní bhíonn ann de gnáth ach 0.7 % den iomlán. Le breosla a dhéanamh ar féidir a úsáid in imoibreoirí núicléacha nó ar féidir a úsáid i mbuamaí núicléacha, caithfear cuir le codán an úráiniam 235; caithfear an t-úráiniam a shaibhriú le go mbeidh idir 2% agus 3% den úráiniam-235 ann.

Cé go bhfuil an próiséas seo casta, is féidir smaoineamh air mar phróiséas ina mbaintear úráiniam-238 amach as an mhianach. Agus sin an fhadhb; cad é is féidir a dhéanamh leis an úráiniam ídithe seo? Tá na mílte tonna do ina luí thart i dtaisce ag náisiúin mar Mheiriceá agus An Bhreatain.

Tá buntáiste mór amháin ag an úráiniam ídithe; tá sé iontach dlúth. Tá dlús níos mó ná luaidhe aige agus tá sé an-chrua agus an-láidir. Is féidir, mar sin, é a úsáid i sliogáin phléascacha agus cuireann sé go mór le fuinneamh cinéiteach an sliogáin agus mar sin le héifeacht an sliogáin.

Bíonn an t-úráiniam ídithe seo radaighníomhach ach is beag uilig an chontúirt uaidh agus é mar chuid de mhiotal an sliogáin. Ach nuair a chaitear an sliogán agus nuair a phléascann sé, cruthaítear deannach. Agus má shlogtar nó má ionanáltar an deannach seo, astaíonn sé na gathanna radaighníomhacha taobh istigh den chorp agus déantar damáiste do chealla an choirp.

Úsáideadh an oiread sin úráiniam ídithe sa Mhurascail (300 tonna, meastar) gur beag seans nach raibh tionchar éigin aige ar na saighdiúrí agus ar na tuataí. Measann Cumann Iar-shaighdiúrí Mheiriceánacha na Murascaille go bhfuil 300,000 as an 700,000 a bhí sa Mhurascaill tinn dá dheasca. Agus deirtear go bhfuil rátaí ailse imithe go mór i méid i measc thuataí na hIaráice. Níl figiúrí cruinne ar fáil go fóill fán mhéid uranium ídithe a húsáideadh sna tíortha Balcánacha.

Níl cruthú cinnte go fóill go bhfuil ceangal ann idir na rátaí tinnis seo agus úsáid an úráiniam ídithe. Ach tá taighde ag dul ar aghaidh i láthair na huaire agus ba cheart go mbeadh an freagra againn roimh i bhfad.

Sanas/Vocabulary:
Úráiniam ídithe
depleted uranium
Balcánach Balkan
Breosla fuel
Codán fraction
Dlús density
Fuinneamh cinéiteach kinetic energy
Imoibritheoirí núicléacha nuclear reactors
Lón cogaidh munitions
Mianach ore
An Mhurascaill the Gulf

Tuilleadh eolais / Extra information:
American Gulf War Veterans Association
Antenna


The BBC is not responsible for the content of external websites

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy