BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

ENVIORNMENT

carpet rollsBaol i mbrait urláir / Danger in carpets

De réir a chéile, táimid ag éirí níos tógtha fá thruailliú na timpeallachta agus an méid ceimiceán atá á gcur san aer agus san ithir. Is ceart, ar ndóigh go mbeadh imní orainn nó is cinnte nach lenár leas iad na ceimiceáin seo.

Listen / Éist

Ach tá taighde i ndiaidh taispeáint go mbíonn tiúchán i bhfad níos mó de na ceimiceáin dochracha seo taobh istigh de thithe s’againn féin ná mar atá amuigh. Agus i dteach ar bith is sna brait urláir a luíonn an chainníocht is mó dóibh.

Bíonn sinne sna hoileáin seo tugtha go mór do bhrait urláir. Bíonn siad ag beagnach gach teach; ní bhíonn siad ach ag 16% sa Fhrainc agus 2% san Iodáil. Bíonn níos mó plúchta agus ailléirgí anseo ná áit ar bith ar fud an domhain agus síleann eolaithe go bhfuil ceangail idir na fíricí sin. Buaileann plúchadh páiste amháin i ngach cúigear sna laethanta seo. Is cosúil go bhfuil na galair seo ceangailte le fíneoga deannaigh agus lena n-eisfhearthaí ach go háirithe. Is féidir le suas le céad míle fíneog deannaigh a bheith beo i ngach méadar cearnach de bhrat urláir.

Le taobh sin bíonn tiúchán ard de cheimiceáin dochracha mar mhiotail troma, lotnaidicídí agus dé-feanóil polaclóirínithe (PCB) le fáil sna brait urláir. Tagann siad ó thoit tobac, ó mhúch cócaireachta agus ó lotnaidicídí a úsáidtear sa teach agus sa gháirdín. Iompraímid isteach iad ar ár gcuid bróg agus inár n-éadaí. De thairbhe nach mbíonn na truailleáin seo amuigh faoin aer agus nach mbíonn fearthainn agus solas gréine ag titim orthu agus á ndianscaoileadh, maireann siad ar feadh na mblianta.

Tá leigheas ar an scéal; tóg amach na brait urláir agus déan gnaithe le mata anseo is ansiúd. Tá fianaise ann nach mbíonn i dteach gan bhrat ach an deichiú cuid de na truailleáin sin. Murar féidir sin a dhéanamh, ní mór dúinn an folúsghlantóir a úsáid go minic. Ba cheart gléas chomh cumhachtach agus is féidir a úsáid agus gach brat a ghlanadh cúig uair is fiche gach seachtain. I ndiaidh roinnt seachtainí den dian-ghlanadh seo, is féidir gearradh anuas agus gan níos mó ná deich nglanadh sa tseachtain a thabhairt do gach brat urláir sa teach. Ba cheart mata láidir domhan a fhágáil ag an doras agus déanamh cinnte go nglanann gach duine a gcuid bróg agus iad ag teacht isteach. B’fhearrde arís na bróga a bhaint agus á bhfágáil taobh amuigh.

Is ábhar trioblóide iad na réamh-airí seo agus is beag duine a dhéanann iad, ach nuair a smaoineann tú go mb’fhéidir go bhfuil do shláinte agus sláinte do theaghlaigh ag brath orthu, b’fhéidir gur fiú an iarracht a dhéanamh.

Sanas:
Ailléirgí allergies
Cainníocht quantity
Dianscaoileadh decompose
Eisfhearthaí excretions
Fíneogadeannaigh dust mites
Lotnaidicídí pesticides
Múch fumes
Plúchadh asthma
Réamh-airí precautions
Tiúchán concentration
Truailleáin pollutant

Tuilleadh eolais / Extra information:
New Scientist

The BBC is not responsible for the content of external websites

back to science homepage

 » Giota Beag
A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas


» How good is your Irish? Take our animated test to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy