Athrach aeráide BBC 1 Márta 2006
Tá an domhan s’againne ag éirí níos teo; tá lear mór fianaise ann go bhfuil seo fíor agus níl eolaí ar bith ann a d’fhéadfadh a bhréagnú. Táimid measartha cinnte cad chuige a bhfuil seo ag tarlú. Tugtar an iarmhairt cheaptha teasa air agus is iad gáis san aer mar dhé-ocsaíd charbóin agus meatán is cúis léi. Mar a thuigfeá ón teideal, tagann gathanna infridhearga isteach chugainn ón ghrian ach cuireann na gáis seo bac ar chuid den teas éalú. Meastar go bhfuil dromchla an domhain thart fá thríocha céim Celsius níos teo ná mar a bheadh gan an iarmhairt seo.

Thuigfeá ón mhéid thuas, dá gcuirfimis le líon na ngás seo san aer, go gcuirfeadh sin leis an iarmhairt agus go dtiocfadh méadú ar theocht an domhain. Sin an gnáth-thuiscint ag beagnach gach eolaí ach níl an ceangal idir méadú teochta agus líon na ngás iomlán fuascailte. Tugann sin go leor éiginnteachta le gur féidir le mionlach eolaithe agus polaiteoirí áirithe argóint a dhéanamh go bhfuil sé ró-luath gníomhú in éadan na hiarmharta seo. Tá sé tábhachtach mar sin go gcinnteoimis an ceangal sa dóigh is go dtig linn cur ina luí ar gach duine, idir eolaithe, pholaiteoirí agus thuataí, go gcaithfimid uilig íobairtí a dhéanamh gan mhoill le maolú a dhéanamh ar an mhéadú teochta. Munar féidir sin a dhéanamh, beidh athruithe móra san aeráid amach anseo. Tiocfaidh méadú ar líon agus ar chumhacht tuilte, triomaigh, tonnta teasa agus hairicíní. Beidh athruithe ar tháirgí talmhaíochta agus oll-imirce de thairbhe agus tarlóidh díobhadh ainmhithe. Agus tiocfaidh an fharraige i dtír ar chóstaí ar fud an domhain agus go háirithe sna cathracha móra atá suite ar na cóstaí sin. Tá práinn, mar sin, le cur lenár dtuiscint ar an aeráid ach sin an áit a bhfuil an deacracht. Tá aimsir agus aeráid ag brath ar chuid mhór fachtóirí mar an teas ar fud an domhain, na cisil san atmaisféar, na gáis san aer agus cuid mhór eile. Tá dlite eolaíochta ann leis na fachtóirí a cheangal le chéile ach an t-aon dóigh amháin atá againn le fáil amach an dtuigimid an aeráid mar is ceart ná samhlacha a chruthú, na dlite eolaíochta seo a úsáid leo agus comparáid a dhéanamh idir torthaí na samhlacha sin agus an aeráid san fhichiú aois. Má thiocfaimid ar shamhail a thairngríonn go hiomlán aeráid na haoise sin, beidh a fhios againn go bhfuil tuiscint iomlán againn ar an aeráid agus beimid i ndán an tsamhail sin a úsáid go muiníneach le hamharc chun tosaigh le fáil amach cad é mar a bheidh an aeráid sa todhchaí. Seo obair atá chomh casta sin go nglacfadh sé ríomhaire ollmhór agus ollchumhachtach lena dhéanamh. Níl a leithéid ar fáil ach tá scéim ag an BBC agus ollscoil Oxford ceann a chur le céile . Sin an áit a bhfuil do chuidiú de dhíth. Má tá tú sásta do ríomhaire baile a cheangal leo, beidh siad ábalta mogalra mór a chruthú. Nuair nach mbeidh tú ag obair ar do ríomhaire, beidh siad ábalta cumhacht an ghléis a chur chun oibre. Ach ní dhéanfaidh sé difir ar bith duit nó beidh tús áite i gcónaí agat ar do ríomhaire féin. Tá siad ag súil go gclárófar níos mó ná deich míle ríomhaire leo. Má chuidíonn tú leo, beidh tú rannpháirteach i dturgnamh an-tábhachtach i saol an domhain. Is féidir na bogearraí cuí agus tuilleadh eolais a aimsiú ar shuíomh an BBC (féach thíos) Sanas: Aeráid climate Bogearraí software Cisil layers Díobhadh extinction Fachtóirí factors Gathanna infridhearga infra-red rays Hairicíní hurricanes Iarmhairt cheaptha teasa greenhouse effect Meatán methane Mogalra network Rannpháirteach participating Samhail/samhlacha model(s) Tairngríonn predicts Triomach/aigh drought(s) Tuile/tuilte flood(s) Tuilleadh eolais: BBC Science Climate Change Wikipedia - Global Warming
Back to miscellaneous index Back to main science index |