OIREACHTAS NA CÁSCA Bhí Oireachtas na Cásca ar siúl i Leitir Ceanainn i mbliana. Tráthnóna Dé hAoine le linn na féile, chraol Karen Kirby agus Eoghan Ó Néill beo ar BLAS ó chroílár an bhaile mhór.
Seo duit buaicphointí an chláir… Oireachtas na Cásca was held this year in Letterkenny. On the Friday evening of the festival, Karen Kirby and Eoghan Ó Néill broadcast a special edition of BLAS live from the town centre. Hear the highlights of the programme... RÓNÁN MAC AODHA BHUÍ Bhain Rónán Mac Aodha Bhuí, an craoltóir Raidió na Gaeltachta, gradam Pearsa Raidió na Bliana ag Gradaim na Meáin Cumarsáide de chuid Oireachtas na Cásca. Roimh dó an duais mór a bhaint, labhair Eoghan Ó Néill leis.
RnaG presenter Rónán Mac Aodha Bhuí won Radio Personality of the Year at Oireachtas na Cásca's Media Awards. Before the award ceremony, Eoghan Ó Néill spoke to Rónán. 
PÁDRAIG MAC FHEARGUSA Lá den tsaoil mhairfeadh an tOireachtas ar feadh deich lá - ba bheag nár mharaigh sé daoine! Na laethanta seo tá sé scoite ina dhá chuid: Oireachtas na Samhna agus Oireachtas na Cásca. 'Sé Pádraig Mac Fheargusa Cathaoirleach an Oireachtais. Amharcann sé siar ar na laethanta mar a bhí... Pádraig Mac Fheargusa is the Chairman of the Oireachtas in its current format of Oireachtas na Samhna, the main festival held in November, and Oireachtas na Cásca, its Eastertime cousin. It's a little different from the days when the Oireachtas lasted for ten days and used to destroy men! Pádraig reminisces.... 
CLÍODHNA NÍ CHIASÁIN Is aisteoir óg í Clíodhna Ní Chiasáin a bhfuil athrú suntasach tagtha ar a saol ó tugadh ról Aifric di sa tsraith teilifíse den ainm chéanna ar TG4. Roimh di Gradam Aisteoireachta na nGradam Cumarsáide a bhaint ag Oireachtas na Cásca, mhínigh Chlíodhna do Karen Kirby cad é mar a fuair sí a ról sa tsraith.
Young actress Clíodhna Ní Chiasáin's star is in the ascendant since landing her role as Aifric in the TG4 series of the same name. Before winning the award for Acting at Oireachtas na Cásca, Clíodhna told Karen Kirby how her part in the programme came about. 
GRADAIM CUMARSÁIDE Roimh shearmanais na ngradam, labhair Eoghan Ó Néill le triúr a bhí ainmnithe do Ghradaim Cumarsáide na Bliana. Is iad sin Nuachtóir na Bliana: Éamonn Ó Domhnaill, eagarthóir ar www.beo.ie, Colúnaí na Bliana: Eoin Ó Murchú ó Lá Nua, agus Iriseoir na Bliana: Seán Tadhg Ó Gairbhí ó Foinse. Ahead of the awards ceremony, Eoghan Ó Néill spoke to three men who were nervously awaiting the announcement of the categories in which they were nominated: Newsperson of the Year, Éamonn Ó Domhnaill, the editor of www.beo.ie; Columnist of the Year, Eoin Ó Murchú of Lá Nua; and Journalist of the Year, Seán Tadhg Ó Gairbhí of Foinse. 
FÉILE PHAN-CEILTEACH Ní hé Oireachtas na Cásca an t-aon fhéile amháin a bhí ar siúl i Leitir Ceanainn an deireadh seachtaine seo - bhí an 36ú Féile Pan-Ceilteach ar siúl ag an am céanna agus chuir sé go mór leis an atmaisféar thart ar an bhaile. Con Ó Conaill a chuir tús leis an chéad Fhéile Phan-Ceilteach i gCill Airne 1971. Labhair Eoghan leis…
Oireachtas na Cásca was not the only festival happening in Letterkenny this weekend - the 36th Pan-Celtic Festival was also happening at the same time and added greatly to the atmosphere around the town. Con Ó Conaill is the man who started the very first Pan-Celtic Festival in Killarney away back in 1971. Eoghan spoke to him... 
Out and About with Blas Main Blas Index |