|
Pobal na Gaeltachta - a scéal agus a dhán
Is bailiúchán de scéal agus de stair achan pharóiste Gaeltachta sa tír á insint ag muintir na nGaeltachtaí sin atá sa leabhar seo. I measc na ndaoine a scríobh aistí don leabhar seo ná: Nollaig Ó Gadhra, Máire Uí Ráinne, Breandán Feiritéar, Pádraig Ó Fiannachta, Dónall P. Ó Baoill, Breandán Mac Suibhne agus Pádraig Mac Gairbheith. Tugann an leabhar seo léargas ar stádás agus ar spiorad na gceantar Gaeltachta sa lá atá inniu ann. Is mar shraith de léachtanna ar Raidió na Gaeltachta a céad craoladh na haistí sa leabhar seo. Is iad Gearóid Ó Tuathaigh, Lillis Ó Laoire agus Seán Ua Súilleabháin a bhí ina eagarthóirí ar an leabhar seo agus is é Tomás Mac Con Iomaire, ceannasaí Raidio na Gaeltachta a bhí ag obair ar an sraith raidió. Labhair Lillis Ó Laoire, Tomás Mac Con Iomaire agus Alan Titley ó Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad ar Chúinne na nEalaíon faoin fhoilseacháin seo. 
back to leirmheas back to Arts homepage |
|