|
TAIGHDE AGUS TEAGASC
Éist le Fionntán de Brún agus Seán Mac Corraidh ag caint ar an chéad eagrán ariamh de TAIGHDE AGUS TEAGASC, atá eisithe ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire, ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Coláiste de chuid Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste atá ann. Tá an imleabhar seo roinnte ina dhá chuid, leis an chéad chuid ag cur béime ar Léann na Gaeilge agus leis an darna chuid ag cur béime ar an Ghaelscolaíocht agus Oideachas. Ina measc tá altanna ag Fionntán de Brún ar An Caighdeán, an Chumhacht agus an Scríbhneoir Cruthaitheach agus ag Seán Mac Corraidh ar An Ghaelscolaíocht in Oiliúint Tosaigh Múinteoirí do chéim Bhaitsiléir an Oideachais. Tugann an bheirt acu léargais dúinn ar an dá aiste sin atá sa bhailiúchán seo TAIGHDE AGUS TEAGASC, ag míniú fosta go bhfuil cúpla aiste ag macléinn nó dhó ann fosta. 
back to leabhar back to Arts homepage |
|