Leabhar Mór na GaeilgeIs bailiúchán cuimsitheach é seo de fhilíocht na Gaeilge agus de fhilíocht na Gàidhlig. Roghnaíodh filí comhaimseartha ón Albain agus ó Éirinn le páirt a ghlacadh sa togra seo. Bhí ar na filí dhá dhán dá gcuid féin a roghnú agus dhá phíosa eile ó aon ghné nó aon aois den litríocht. Faoi láthair táthar ag déanamh cinneadh maidir leis na dántá agus píosa litríochta a bhéas san áireamh sa leabhar agus i ndiaidh sin, casfaidh na filí le healaíontóirí chun teacht suas le pictúir a luífidh isteach le stíl an leabhair. Is togra eipiciúil atá anseo le comparáid á dhéanamh idir é agus Leabhar Ceanannais.
to the project organisers
Labhair Theo Dorgan, duine de heagarthóirí na hÉireann, Donald Smyth, bainisteoir togra agus Malcolm Mc Lean, stiúirthóir Phroiseacht na nEalan ar BLAS nuair a seoladh an togra in Éirinn. Listen to some of the poets who are taking part
Labhair cuid de na filí ata ag glacadh páirte sa togra linn fosta agus phléigh siad na dánta a roghnaíodar. Anne Freater agus Anghus Dubh Mac Neacail ón Albain agus Gabriel Rosenstock agus Gearóid Mac Lochlainn ó Éirinn a bhí linn i gCúinne na nEalaíon. Listen to some of the artists who are taking part
Labhair Tadhg Mac Suibhne, Aisling OBeirne agus Ian Joyce, cuid de na healaíontóirí atá ag glacadh páirte i Leabhar Mór na Gaeilge linn ar BLAS tar éis an chéad cruinniú a bhí acu le chéile i mBéal Feirste.
back to leabhar back to Arts homepage |