
Is éard atá i Rogha an Chéid ná ceiliúradh de thrí ghné de litríocht na Gaeilge le céad bliain anuas óna foilsitheoirí Cló Iar-Chonnachta. Trí leabhar atá i gceist anseo - Gearrdhrámaí an Chéid, Duanaire an Chéid agus Gearrscéalta an Chéid. Is é Pádraig Ó Siadhail, comhollamh sa Léinn Éireannach i gColáiste Mhuire, Nova Scotia a chuir a rogha de Ghearrdhrámaí an Chéid in eagar.
Tugann Pádraig cothromaíocht chuí don trí ré ó thaobh stair dhrámaíocht na Gaeilge de: an Chéad Athbheochan faoi mhórchoimirce Chonradh na Gaeilge; an Dara hAthbheochan le glúin
úr scríobhneoirí agus an Tríú hAthbheochan - drámaí le scíbhneoirí comhaimseartha. Dhá dhráma dhéag atá sa chnuasach seo ó chuid de na scríbhneoirí seo a leanas: Dubhghlas de hÍde, Cathal Ó Searcaigh, Biddy Jenkinson, Pádraig Ó Conaire.
Chuir an Dr. Gearóid Denvir eagar ar Duanaire an Chéid. Is léachtóir i Scoil na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Gearóid. Shocraigh sé dánta abhí agus atá mar ráitis shuntasacha chruthaitheacha iontu féin a roghnú in áit saothar filí áirithe. Rinne sé cinneadh gan níos mó na cúig dán le haon fhile amháin a roghnú sa bhailiúchán seo de chéad dán. Sampla de chuid de na húdair ná: Colm Breathnach, Celia de Fréine, Michael Davitt, Máire Mhac an tSaoi agus Máire Áine Nic Gearailt. Aisling Ní Dhonnchadha Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Ma Nuad
 Dr. Gearóid Denvir
|
Is é Gearóid Denvir agus Aisling Ní Dhonnchadha a roghnaigh na scéalta do Ghearrscéalta an Chéid. Tá Aisling ag obair mar léachtóir i nGaeilge in Ollscoil na hÉireann, Mhaigh Nuad. Clúdaíonn na scéalta sa chnuasach seo an tréimhse ó aimir na hAthbheochana liteartha i dtús an chéid anuas go dtí scéalta ó scríbhneoirí an lae inniu. Ina measc siúd tá scéalta ó Phádraig Mac Piarais, Shéamas Ó Grianna, Mhicheál Ó Conghaile, Alan Titley agus Angela Bourke. back to leabhar back to Arts homepage |