|
Aistriúicháin/Translations Tá sean-thaithí ag an Dr. Art Hughes ar chúrsaí aistriúcháin, d'aistrigh sé Nuair a bhí mé óg le Séamas Ó Grianna ó Ghaeilge go Béarla, tá an-obair déanta aige ar logainmneacha Thuaisceart Éireann agus le déanaí tá aistriúcháin déanta aige ar fhilíocht Chathal Uí Shearcaigh agus ar fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill - ó Ghaeilge go Briotánais.
Is aistritheoir gairmiúil é Antain Mac Lochlainn. Chaith sé seal ag obair do Sheirbhís Aistriúcháin Bhord na Gaeilge agus bhí sé ag obair tréimhse mar chomhairleoir scripte i Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ fosta. Tá a chomhlacht féin aige anois - Fónamh, agus d'fhoilsigh sé Cuir Gaeilge Air - Comhairle agus Cleachtadh san Aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge sa bhliain 2000. Antain Mac Lochlainn
 back to leabhar back to Arts homepage
|
|