Cathal Ó Searcaigh
Seal i Neipeal Fuair Cathal Ó Searcaigh a chéad bhlaiseadh de Neipeal le linn dó a bheith ag déanamh clár taistil fá choinne TG4. Chuaigh cultúr na tíre agus bunadh na príomhcathrach, Neipeal go mór i bhfeidhm air agus pilleann sé anois go rialta. Labhraíonn sé le Lynette Fay faoin ghrá sin atá aige don áit agus an dóigh a ndeachaigh an tír agus a muintir go mór i gcionn air féin go pearsanta agus ar a chuid filíochta. Cuireann sé síos ar áilleacht na Himiléithe, agus cuimhníonn sé ar threiceanna éagsúla a rinne sé i dteannta Ang Wong Chuu, Sherpa agus Pemba Thamang. Tá na scéalta spreagúla seo uilig le fáil i gcéad shaothair próis an tSearcach. 
Cuireann Cathal síos ar a chéad bhlaiseadh de Neipeal 
Glacann Cathal eileacht dhiamhair Neipeal go fonnmhar chuige, insíonn sé cé chomh sásta is a bhíonn sé i bhfad ó chaoráin Thír Chonaill. 
Labhrann Cathal faoin éifeacht atá ag Neipeal ar a shaol agus a chuid filíochta
Tá Seal in Neipeal le Cathal Ó Searcaigh foilsithe ag Cló Iar Chonnachta. Tuilleadh eolais Cló Iar-Chonnachta The BBC is not responsible for the content of external websites. back to filiocht back to Arts homepage |