|
Robbie Hannan fondly remembers Seán McGuire. Rugadh Seán McGuire i mBéal Feirste ar 26 Mí na Nollag 1927 agus bhí sé ar an cheoltóir tradisiúnta is cáilúla de chuid na cathrach sin. Dhá bhliain déag d’aois a bhí sé nuair a thosaigh sé a fhoghlaim na fidléireachta agus rinne sé a chéad chraoladh don BBC agus é cúig bliana déag d’aois. Sa bhliain 1949 bhain sé an bonn óir ag comórtas fidléireachta an Oireachtais.
Ní thiocfadh le daoine a chreidbheáil a chuimsithí is a bhí máistreacht s’aige ar chúrsaí teicníochta agus, in ainneoin a chraobhlascraí is a bhí a chuid ceoil, ceoltóir traidisiúnta den scoith a bhí ann a raibh tuigbheáil ar dóigh ar a cheird aige. Ba mhillteanach an tionchar a bhí ag a chuid ceirníní ar chúrsaí fidléireachta sa tír seo agus thar lear agus tá cuid de na rianta atá le cluinstin ar an cheirnín a rinne sé leis an Four Star Quartet, cuir i gcás, ar fheabhas Éireann. Ar na ceoltóirí iomráiteacha eile ar ghnáth leis bheith ag seinm leofa bhí an boscadóir Joe Burke agus an fliúiteadóir Roger Sherlock. Is cinnte go n-áireofar Seán McGuire ar cheoltóirí móra na haoise seo caite agus ábhar mór inspioráide a bheas ina chuid taifeadtaí go gceann i bhfad eile. back to ceol back to arts homepage |
|